+Airteagal 50 Cumhachtaí maoirseachta agus cumhachtaí forchurtha pionós a fheidhmiú
---+Airteagal 50 1.
---+Airteagal 50 2.
|
Airteagal 50 Cumhachtaí maoirseachta agus cumhachtaí forchurtha pionós a fheidhmiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 50 1.
|
Agus cineál agus leibhéal na bpionós riaracháin agus na mbeart riaracháin eile á sainiú acu, cuirfidh na húdaráis inniúla na cúinsí ábhartha go léir san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na nithe seo a leanas:
(a)
tromchúis agus fad an tsáraithe;
(b)
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(c)
láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;
(d)
an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;
(e)
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as an sárú nó na caillteanais do thríú páirtithe arb é an sárú is cúis leo, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(f)
a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé, a áirithiú;
(g)
sáruithe arna ndéanamh roimhe sin ar an Rialachán seo ag an duine atá freagrach as an sárú;
(h)
aon bhearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc.
|
|
Airteagal 50 2.
|
Agus a gcuid cumhachtaí á bhfeidhmiú acu i dtaca le pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur faoi Airteagal 49, gníomhóidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú gurb éifeachtach agus iomchuí a bheidh feidhmiú a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha, agus na pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchuirfidh siad. Comhordóidh siad a ngníomhaíocht chun dúbláil agus forluí a sheachaint le linn dóibh a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha a fheidhmiú agus le linn dóibh pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur i leith cásanna trasteorann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|