|
+Airteagal 50 1. |
Airteagal 50 1.Agus cineál agus leibhéal na bpionós riaracháin agus na mbeart riaracháin eile á sainiú acu, cuirfidh na húdaráis inniúla na cúinsí ábhartha go léir san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na nithe seo a leanas:
(a)
tromchúis agus fad an tsáraithe;
(b)
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(c)
láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;
(d)
an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;
(e)
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as an sárú nó na caillteanais do thríú páirtithe arb é an sárú is cúis leo, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(f)
a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé, a áirithiú;
(g)
sáruithe arna ndéanamh roimhe sin ar an Rialachán seo ag an duine atá freagrach as an sárú;
(h)
aon bhearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|