|
+Airteagal 52 2. |
Airteagal 52 2.Nuair a mheasann an t-údarás inniúil gur míréireach é foilsiú chéannacht na ndaoine dlítheanacha, nó foilsiú céannachta nó sonraí pearsanta daoine nádúrtha, tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh ar chomhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó nuair a chuirfeadh foilsiú den sórt sin cobhsaíocht margaí airgeadais nó aon imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol, déanfaidh na húdaráis inniúla ceann amháin de na nithe seo a leanas:
(a)
foilsiú an chinnidh chun pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a fhorchur a chur siar go dtí an tráth a scoirfidh cúiseanna a neamhfhoilsithe de bheith ann;
(b)
an cinneadh a fhoilsiú chun pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a fhorchur ar bhonn anaithnid ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina n-áirithítear, leis an bhfoilsiú sin gan ainm, cosaint éifeachtach na sonraí pearsanta lena mbaineann;
(c)
gan an cinneadh maidir le pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a fhorchur a fhoilsiú i gcás ina meastar nach leor iad na roghanna dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(i)
nach gcuirfí cobhsaíocht margaí airgeadais i mbaol; nó
(ii)
comhréireacht i dtaca le cinneadh mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad. Má dhéantar cinneadh pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnach i gcás ina dtuartar go mbeidh deireadh laistigh den tréimhse sin leis na cúiseanna a bheidh ann don fhoilsiú sin gan ainm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|