+Airteagal 7 Scrúdú ESMA ar an iarratas ar údarú chun oibriú san Aontas mar sholáthraí rátála ESG
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4
---+Airteagal 7 5
---+Airteagal 7 6

Airteagal 7 Scrúdú ESMA ar an iarratas ar údarú chun oibriú san Aontas mar sholáthraí rátála ESG

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1

1.   Laistigh de 25 lá oibre ó iarratas dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a fháil, déanfaidh ESMA measúnú ar cibé an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ESMA síos sprioc-am faoina mbeidh ar an iarratasóir aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar.

Airteagal 7 2

2.   A luaithe a mheasfaidh sé go bhfuil iarratas comhlánaithe ina iomláine, tabharfaidh ESMA fógra don iarratasóir faoi.

Airteagal 7 3

3.   Laistigh de 90 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh ESMA cinneadh lán-réasúnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 8(1), chun údarú chun oibriú mar sholáthraí rátála ESG san Aontas a dheonú nó diúltú dó.

Airteagal 7 4

4.   Féadfaidh ESMA síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo go 120 lá oibre, go háirithe i gcás ina ndéanann an t-iarratasóir an méid seo a leanas:

(a)

beartaíonn sé rátálacha ESG a fhormhuiniú amhail dá dtagraítear in Airteagal 11;

(b)

beartaíonn sé seachfhoinsiú a úsáid; nó

(c)

iarrann sé díolúine ó chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 22.

Airteagal 7 5

5.   Tiocfaidh an cinneadh arna ghlacadh ag ESMA de bhun mhír 3 i bhfeidhm ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.

Airteagal 7 6

6.   Mura soláthróidh an t-iarratasóir aon fhaisnéis a iarradh atá in easnamh sula rachaidh an sprioc-am dá dtagraítear i mír 1 in éag, diúltóidh ESMA don iarratas.

Mura bhfuil aon chinneadh glactha ag ESMA laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3 nó 4, measfar an t-iarratas a bheith diúltaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.