2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh soláthraí rátála ESG na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (d) nó (f), a sholáthar, ar choinníoll go gcuirfidh sé bearta sonracha i bhfeidhm, de bhreis ar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 25 agus 26, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
a áirithiú go bhfeidhmeofar gach gníomhaíocht go neamhspleách;
|
|
(b)
|
go seachnófar rioscaí féideartha a chruthú maidir le coinbhleachtaí leasa sa chinnteoireacht laistigh dá gníomhaíochtaí rátála ESG;
|
|
(c)
|
a áirithiú nach soláthróidh a fhostaithe a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas measúnaithe míre rátáilte aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (d) nó (f).
|
Agus na bearta sin á gcur chun feidhme aige, cuirfidh an soláthraí rátála ESG gníomhaíochtaí an ghrúpa lena mbaineann sé san áireamh freisin, más infheidhme.