+Airteagal 16 Gnó agus gníomhaíochtaí a dheighilt
---+Airteagal 16 1
---+Airteagal 16 2
---+Airteagal 16 3
---+Airteagal 16 4
---+Airteagal 16 5
---+Airteagal 16 6

Airteagal 16 Gnó agus gníomhaíochtaí a dheighilt

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1

1.   Ní sholáthróidh soláthraithe rátála ESG aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí comhairliúcháin d’infheisteoirí nó do ghnóthais;

(b)

rátálacha creidmheasa a eisiúint agus a dháileadh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009;

(c)

soláthar tagarmharcanna mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (5), de Rialachán (AE) 2016/1011;

(d)

seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (2), de Threoir 2014/65/AE;

(e)

iniúchóireacht reachtúil ar ráitis airgeadais agus ardhearbhuithe iontaofachta maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta de réir bhrí Threoir 2013/34/AE;

(f)

gníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus gníomhaíochtaí árachais nó athárachais de réir bhrí Threoir 2009/138/CE.

Airteagal 16 2

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh soláthraí rátála ESG na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (d) nó (f), a sholáthar, ar choinníoll go gcuirfidh sé bearta sonracha i bhfeidhm, de bhreis ar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 25 agus 26, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a áirithiú go bhfeidhmeofar gach gníomhaíocht go neamhspleách;

(b)

go seachnófar rioscaí féideartha a chruthú maidir le coinbhleachtaí leasa sa chinnteoireacht laistigh dá gníomhaíochtaí rátála ESG;

(c)

a áirithiú nach soláthróidh a fhostaithe a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas measúnaithe míre rátáilte aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (d) nó (f).

Agus na bearta sin á gcur chun feidhme aige, cuirfidh an soláthraí rátála ESG gníomhaíochtaí an ghrúpa lena mbaineann sé san áireamh freisin, más infheidhme.

Airteagal 16 3

3.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (c), féadfaidh soláthraí rátála ESG iarraidh a thaisceadh le ESMA a bheith údaraithe chun tagarmharcanna a sholáthar ar choinníoll go gcuireann sé bearta sonracha i bhfeidhm, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear i mír 2. Déanfaidh ESMA cinneadh i dtaobh an bhfuil na bearta atá molta ag an soláthraí rátála ESG iomchuí agus leordhóthanach maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le coinbhleachtaí leasa. Má mheasann ESMA nach bhfuil na bearta iomchuí nó leordhóthanach maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le coinbhleachtaí leasa, beidh feidhm ag mír 1, pointe (c).

Tabharfaidh an soláthraí rátála ESG fógra do ESMA faoi aon athrú suntasach ar na bearta a dhéanfaidh an soláthraí rátála ESG nó ina gcur chun feidhme sula gcuirfear athrú den sórt sin chun feidhme. Déanfaidh ESMA cinneadh i dtaobh an bhfuil na bearta fós iomchuí agus leordhóthanach maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le coinbhleachtaí leasa. Má mheasann ESMA nach bhfuil na bearta iomchuí nó leordhóthanacht a thuilleadh maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le coinbhleachtaí leasa, beidh feidhm ag mír 1, pointe (c).

Déanfaidh ESMA cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo laistigh de 30 lá oibre ó fhaisnéis iomlán a fháil faoi na bearta atá molta ag an soláthraí rátála ESG nó faoi aon athruithe substaintiúla orthu, nó laistigh de na spriocdhátaí a leagtar síos in Airteagal 7 i gcás ina bhfuil foirm measúnaithe ESMA mar chuid dá mheastóireacht ar iarratas an tsoláthraí rátála ESG ar údarú.

Airteagal 16 4

4.   Áiritheoidh soláthraí rátála ESG nach soláthróidh a fhostaithe a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas measúnaithe ar mhír rátáilte aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (e).

Airteagal 16 5

5.   Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun mionsonraí na mbeart agus na gcoimircí atá le cur chun feidhme de bhun mhíreanna 2, 3 agus 4 a shonrú.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Deireadh Fómhair 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 16 6

6.   Áiritheoidh soláthraithe rátála ESG nach gcruthófar le soláthar seirbhísí eile seachas na seirbhísí sin dá dtagraítear i mír 1 rioscaí coinbhleachtaí leasa laistigh dá ngníomhaíochtaí rátála ESG. I gcás inarb ann do rioscaí coinbhleachta leasa, staonfaidh soláthraithe rátála ESG ó sheirbhísí eile den sórt sin a thairiscint.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.