+Airteagal 32 Iarrataí ar fhaisnéis
---+Airteagal 32 1
---+Airteagal 32 2
---+Airteagal 32 3
---+Airteagal 32 4
---+Airteagal 32 5

Airteagal 32 Iarrataí ar fhaisnéis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 32 1

1.   Féadfaidh ESMA, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, a cheangal ar sholáthraithe rátála ESG, ar dhaoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí rátála ESG, le míreanna rátáilte agus le heisitheoirí míreanna rátáilte, ar thríú páirtithe a ndearna na soláthraithe rátála ESG feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu, agus ar dhaoine a bhaineann nó atá nasctha go dlúth agus go substaintiúil ar shlí eile le soláthraithe rátála ESG nó le gníomhaíochtaí rátála ESG, gach faisnéis a sholáthar atá uaidh chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Airteagal 32 2

2.   Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí don iarraidh;

(b)

luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)

sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d)

socróidh sé teorainn ama réasúnach ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar agus an fhormáid ina mbeidh an fhaisnéis arna hiarraidh le soláthar;

(e)

cuirfidh sé an duine ar a n-iarrtar an fhaisnéis ar an eolas nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis a sholáthar, ach i gcás ina dtugtar aon fhreagra ar an iarraidh, nach ceart go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear mícheart nó míthreorach;

(f)

léireoidh sé na fíneálacha dá ndéantar foráil in Airteagal 36 i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíodh mícheart nó míthreorach.

Airteagal 32 3

3.   Nuair a éilítear faisnéis a sholáthar le cinneadh faoi mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí don iarratas;

(b)

luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)

sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d)

socróidh sé teorainn ama réasúnach ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar agus an fhormáid ina mbeidh an fhaisnéis arna hiarraidh le soláthar;

(e)

sonróidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá ndéantar foráil in Airteagal 37 i gcás nach gcuirtear isteach an fhaisnéis arna hiarraidh laistigh den teorainn ama shocraithe nó ina bhfuil sí neamhiomlán;

(f)

sonróidh sé na fíneálacha dá ndéantar foráil in Airteagal 36 i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a soláthraíodh mícheart nó míthreorach;

(g)

sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair an Bhoird Achomhairc i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus an ceart chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 32 4

4.   Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó i gcás comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraíonn a ndlíodóirí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

Airteagal 32 5

5.   Déanfaidh ESMA cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh gan mhoill chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 a mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis leo nó chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.