+Airteagal 46 Rúndacht ghairmiúil
---+Airteagal 46 1
---+Airteagal 46 2

Airteagal 46 Rúndacht ghairmiúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 46 1

1.   Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir le ESMA, maidir leis na húdaráis inniúla, agus maidir le gach duine a oibríonn nó a d’oibrigh do ESMA, do na húdaráis inniúla nó d’aon duine eile a ndearna ESMA cúraimí a tharmligean chuige, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ESMA. Ní dhéanfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil a nochtadh d’aon duine nó d’aon údarás eile seachas de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

Airteagal 46 2

2.   An fhaisnéis go léir a mhalartaítear faoin Rialachán seo idir ESMA, na húdaráis inniúla, ÚBE, ÚEÁPC agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41), a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla nó le gnóthaí eacnamaíocha nó pearsanta eile, measfar gur faisnéis rúnda í, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

sonraíonn ESMA nó an t-údarás inniúil nó údarás nó comhlacht eile lena mbaineann tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh;

(b)

tá gá le nochtadh faisnéise den sórt sin i gcomhair imeachtaí dlí;

(c)

úsáidtear an fhaisnéis a nochtar in achoimre nó i bhfoirm chomhiomlán nach féidir rannpháirtithe aonair sa mhargadh airgeadais a shainaithint inti.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.