+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “cuideachta” aon cheann díobh seo a leanas:
(i)
duine dlítheanach atá bunaithe mar cheann de na foirmeacha dlíthiúla a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2013/34/AE;
(ii)
duine dlítheanach atá bunaithe i gcomhréir le dlí náisiúnta tríú tír i bhfoirm atá inchomparáide leis na foirmeacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2013/34/AE;
(iii)
gnóthas airgeadais rialáilte, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, is:
—
institiúid creidmheasa é mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
►C1
(
3
)
◄ ;
—
gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
);
—
bainisteoir cistí infheistíochta malartacha (BCIM), mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE, lena n-áirítear bainisteoir cistí caipitil fiontair Eorpacha (EuVECA), dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
), bainisteoir cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (EuSEF), dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
), agus bainisteoir cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIF), dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
);
—
cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Threoir 2009/65/CE
—
gnóthas árachais mar shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
);
—
gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE;
—
institiúid le haghaidh soláthar scoir ceirde faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 i gcomhréir le hAirteagal 2 di, murar roghnaigh Ballstát iomlán na Treorach sin, nó cuid de, a chur i bhfeidhm ar na hinstitiúidí sin le haghaidh soláthar scoir ceirde i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir sin;
—
contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
);
—
taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
);
—
meán sainchuspóireach árachais nó athárachais é a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 211 de Threoir 2009/138/CE;
—
“eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
);
—
cuideachta sealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (20) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuideachta sealbhaíochta árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (f), de Threoir 2009/138/CE nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (h), de Threoir 2009/138/CE, is cuid de ghrúpa árachais atá faoi réir maoirseachta ar leibhéal an ghrúpa de bhun Airteagal 213 den Treoir sin agus nach bhfuil díolmhaithe ó mhaoirseacht ghrúpa de bhun Airteagal 214(2) de Threoir 2009/138/CE;
—
institiúid creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
12
);
—
gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
13
);
—
soláthróir seirbhísí sluachistiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
14
);
—
soláthróir seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
15
), i gcás ina bhfuil seirbhís cripteashócmhainní amháin nó níos mó á soláthar aige mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), den Rialachán sin;
(b)
ciallaíonn “drochthionchar ar an gcomhshaol” tionchar ar an gcomhshaol de thoradh sárú ar na toirmisc agus na hoibleagáidí a liostaítear i gCuid I, pointí 15 agus 16, agus Cuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, agus an reachtaíocht náisiúnta a bhfuil nasc aici le forálacha na n-ionstraimí a liostaítear iontu á cur i gcuntas;
(c)
ciallaíonn “drochthionchar ar chearta an duine” tionchar ar dhaoine a eascraíonn as na nithe seo a leanas:
(i)
mí-úsáid ar cheann de chearta an duine a liostaítear i gCuid I, Roinn 1, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, ó tá na cearta sin cumhdaithe sna hionstraimí idirnáisiúnta a liostaítear i gCuid I, Roinn 2, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo;
(ii)
mí-úsáid ar cheart duine nach liostaítear i gCuid I, Roinn 1, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, ach atá cumhdaithe sna ionstraimí um chearta an duine a liostaítear i gCuid I, Roinn 2, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, ar choinníoll:
—
go bhféadfaidh cuideachta nó eintiteas dlíthiúil mí-úsáid a bhaint as ceart sin an duine;
—
go gcuireann mí-úsáid ar cheart an duine isteach go díreach ar leas dlíthiúil a chosnaítear sna ionstraimí um chearta an duine a liostaítear i gCuid I, Roinn 2, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo; agus
—
go bhféadfadh sé a bheith tuartha go réasúnta ag an gcuideachta gur bhaolach go mbeadh éifeacht ar cheart sin an duine, agus imthosca an cháis shonraigh á gcur i gcuntas, lena n-áirítear cineál agus méid oibríochtaí gnó na cuideachta agus a slabhra gníomhaíochtaí, saintréithe na hearnála eacnamaíche agus an comhthéacs geografach agus oibríochtúil;
(d)
ciallaíonn “drochthionchar” drochthionchar ar an gcomhshaol nó drochthionchar ar chearta an duine;
(e)
ciallaíonn “fochuideachta” duine dlítheanach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10) de Threoir 2013/34/AE agus duine dlítheanach trína bhfeidhmítear gníomhaíocht “gnóthas rialaithe” mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(1), pointe (f) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
16
);
(f)
ciallaíonn “comhpháirtí gnó” eintiteas:
(i)
a bhfuil comhaontú tráchtála ag an gcuideachta leis a bhaineann le hoibríochtaí, táirgí nó seirbhísí na cuideachta nó dá soláthraíonn an chuideachta seirbhísí de bhun phointe (g) (“comhpháirtí gnó díreach”); nó
(ii)
nach comhpháirtí gnó díreach é ach a dhéanann oibríochtaí gnó a bhaineann le hoibríochtaí, táirgí nó seirbhísí na cuideachta (“comhpháirtí gnó indíreach”);
(g)
ciallaíonn “slabhra gníomhaíochtaí”:
(i)
gníomhaíochtaí comhpháirtithe gnó réamhtheachtacha cuideachta a bhaineann le táirgeadh earraí nó le soláthar seirbhísí arna dhéanamh ag an gcuideachta sin, lena n-áirítear dearadh, eastóscadh, foinsiú, monarú, iompar, stóráil agus soláthar amhábhar, táirgí nó codanna de na táirgí agus forbairt an táirge nó na seirbhíse; agus
(ii)
gníomhaíochtaí comhpháirtithe gnó iartheachtacha cuideachta a bhaineann le dáileadh, iompar agus stóráil tháirge na cuideachta sin, i gcás ina ndéanann na comhpháirtithe gnó na gníomhaíochtaí sin don chuideachta nó thar ceann na cuideachta, seachas dáileadh, iompar agus stóráil táirge atá faoi réir na rialuithe onnmhairiúcháin faoi Rialachán (AE) 2021/821 nó na rialuithe onnmhairiúcháin a bhaineann le hairm, muinisin nó ábhair chogaidh, a luaithe a bheidh onnmhairiú an táirge údaraithe.
(h)
ciallaíonn “fíorú neamhspleách tríú páirtí” fíorú go gcomhlíonann cuideachta, nó codanna dá slabhra gníomhaíochtaí, ceanglais maidir le cearta an duine agus an comhshaol a eascraíonn as an Treoir seo, is fíorú arna dhéanamh ag saineolaí atá oibiachtúil neamhspleách go hiomlán ar an gcuideachta, saor ó aon choinbhleacht leasa agus ó thionchar seachtrach, a bhfuil taithí agus inniúlacht aige in ábhair a bhaineann leis an gcomhshaol nó le cearta an duine, de réir chineál an drochthionchair, agus atá cuntasach as cáilíocht agus iontaofacht an fhíoraithe;
(i)
ciallaíonn “FBM” micreaghnóthas, gnóthas beag nó gnóthas meánmhéide, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, nach cuid de mhórghrúpa é, mar a shainmhínítear na téarmaí sin de réir Airteagal 3(1), (2), (3) agus (7) de Threoir 2013/34/AE;
(j)
ciallaíonn “tionscnamh earnála nó il-gheallsealbhóirí” teaglaim de nósanna imeachta, uirlisí agus sásraí deonacha díchill chuí, arna bhforbairt agus arna maoirsiú ag rialtais, comhlachais tionscail, eagraíochtaí leasmhara, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, nó grúpálacha nó teaglama de, ina bhféadfaidh cuideachtaí a bheith rannpháirteach chun tacú le chur chun feidhme oibleagáidí díchill chuí;
(k)
ciallaíonn “ionadaí údaraithe” duine nádúrtha nó dlítheanach ar a bhfuil cónaí nó atá bunaithe san Aontas agus ag a bhfuil sainordú ó chuideachta de réir bhrí phointe (a)(ii) gníomhú thar a ceann i ndáil le comhlíonadh oibleagáidí na cuideachta sin de bhun na Treorach seo;
(l)
ciallaíonn “drochthionchar dian” drochthionchar a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis de bharr a chineáil, amhail tionchar lena mbaineann díobháil do bheatha, do shláinte agus do shaoirse an duine, nó de bharr a scála, raon feidhme nó carachtar doleigheasta, agus a thromchúisí atá sé á chur i gcuntas, lena n-áirítear líon na ndaoine a bhfuil éifeacht orthu nó a bhféadfadh sé go mbeadh éifeacht orthu, a mhéid a dhéantar damáiste a fhéadfar damáiste a dhéanamh don chomhshaol nó go mbeadh éifeacht eile air, a dho-inchúlaithí atá sé na teorainneacha ar an gcumas daoine aonair dá ndéantar difear nó an comhshaol a athbhunú go riocht coibhéiseach dá riocht roimh an drochthionchar laistigh d’achar réasúnta;
(m)
ciallaíonn “glanláimhdeachas”:
(i)
an “glanláimhdeachas” mar a shainmhín in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir 2013/34/AE; nó
(ii)
i gcás ina gcuireann an chuideachta caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta i bhfeidhm arna nglacadh ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
17
) nó gur cuideachta í de réir bhrí phointe (a)(ii), an t-ioncam arna shainiú leis an gcreat tuairiscithe airgeadais, nó de réir bhrí an chreata tuairiscithe airgeadais ar ar a bhonn a ullmhaítear ráitis airgeadais na cuideachta;
▼M2
(n)
ciallaíonn “geallsealbhóirí” fostaithe na cuideachta, fostaithe a fochuideachtaí agus a comhpháirtithe gnó, agus a gceardchumainn agus ionadaithe oibrithe, agus daoine aonair nó pobail a ndéanann táirgí, seirbhísí agus oibríochtaí na cuideachta, a fochuideachtaí agus a comhpháirtithe gnó difear díreach dá gcearta nó dá leasanna, nó a bhféadfaidís difear a dhéanamh dóibh, agus ionadaithe dlisteanacha na ndaoine aonair nó na bpobal sin;
▼B
(o)
ciallaíonn “bearta iomchuí” bearta is féidir cuspóirí an díchill chuí a bhaint amach trí aghaidh a thabhairt ar shlí éifeachtach ar dhrochthionchair ar shlí atá comhréireach le leibhéal na déine agus le dóchúlacht an drochthionchair, agus atá ar fáil ar bhonn réasúnta don chuideachta, agus imthosca an cháis shonraigh á gcur i gcuntas, lena n-áirítear cineál agus méid an drochthionchair agus na fachtóirí riosca ábhartha;
(p)
ciallaíonn “caidreamh gnó” an caidreamh idir cuideachta agus comhpháirtí gnó;
(q)
ciallaíonn “máthairchuideachta” cuideachta a rialaíonn fochuideachta amháin nó níos mó;
(r)
ciallaíonn “máthairchuideachta deiridh” máthairchuideachta a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 22(1) go (5) de Threoir 2013/34/AE, fochuideachta amháin nó níos mó agus nach bhfuil á rialú ag cuideachta eile;
(s)
ciallaíonn “grúpa cuideachtaí” nó “grúpa” máthairchuideachta agus gach ceann dá fochuideachtaí;
(t)
ciallaíonn leigheas an duine nó na daoine, na pobail nó an comhshaol a raibh éifeacht orthu a athchóiriú go riocht atá coibhéiseach nó chomh cosúil agus is féidir leis an riocht ina mbeidís dá mba rud é nár tharla an drochthionchar iarbhír, i gcomhréir le baint na cuideachta leis an drochthionchar, lena n-áirítear cúiteamh airgeadais nó eile arna sholáthar ag an gcuideachta do dhuine nó do dhaoine a ndeachaigh an drochthionchar i bhfeidhm orthu agus, i gcás inarb infheidhme, aisíoc na gcostas arna dtabhú ag údaráis phoiblí i ndáil le haon bheart feabhais is gá.
▼M2
(u)
ciallaíonn “tosca riosca” fíorais, cásanna nó imthosca a bhaineann le déine agus dóchúlacht drochthionchair, lena n-áirítear fíorais, cásanna nó imthosca ar leibhéal an chomhpháirtí gnó, amhail i dtaobh nach cuideachta é an comhpháirtí gnó a chumhdaítear leis an Treoir seo nó le gníomhartha dlí inchomparáide eile i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht shainordaitheach; ar leibhéal na tíreolaíochta agus an chomhthéacs, amhail leibhéal fhorfheidhmiú an dlí maidir le cineál an drochthionchair; agus ar leibhéal na n-earnálacha, na n-oibríochtaí gnó, agus na dtáirgí agus na seirbhísí;
▼B
(v)
ciallaíonn “déine drochthionchair” scála, raon feidhme agus carachtar doleigheasta an drochthionchair, agus a thromchúisí atá sé á cur san áireamh, lena n-áirítear líon na ndaoine a bhfuil éifeacht orthu nó a bhféadfadh éifeacht a bheith orthu, a mhéid a dhéantar nó a bhféadfaí damáiste a dhéanamh don chomhshaol nó éifeacht eile a bheith air, a dho-athraithí atá sé agus na teorainneacha ar an gcumas ó thaobh na daoine nó an comhshaol a raibh éifeacht orthu a athbhunú go riocht coibhéiseach dá riocht roimh an drochthionchar laistigh d’achar réasúnta ama.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a leasú tríd an méid a leanas a dhéanamh tríd an méid seo a leanas:
(a)
na tagairtí d’airteagail ionstraimí idirnáisiúnta arna ndaingniú ag na Ballstáit uile agus a thagann faoi raon feidhme cirt shonraigh, toirmisc shonraigh nó oibleagáide sonraí a bhaineann le cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus an comhshaol a chosaint arna liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, a chur isteach;
(b)
na tagairtí d’ionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, a mhodhnú i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise aon mhodhnú, dímholadh nó aisghairm arna dhéanamh ar na hionstraimí sin;
(c)
i gcomhréir le forbairtí laistigh de na fóraim idirnáisiúnta ábhartha maidir leis na hionstraimí a liostaítear i gCuid 1, Roinn 2, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo:
(i)
na tagairtí d’ionstraimí nua lena gcumhdaítear an t-ábhar céanna agus atá daingnithe ag na Ballstáit uile a chur in ionad na dtagairtí do na hionstraimí atá liostaithe; nó
(ii)
tagairtí d’ionstraimí nua lena gcumhdaítear an t-ábhar céanna agus a chumhdaítear leis na hionstraimí liostaithe agus atá daingnithe ag na Ballstáit uile a chur isteach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1760
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|