|
+Airteagal 7 2. |
Airteagal 7 2.Déanfar an beartas díchill chuí dá dtagraítear i mír 1 a fhorbairt tar éis dul i gcomhairle le fostaithe na cuideachta agus lena n-ionadaithe, agus ba cheart an méid seo a leanas a bheith ann:
(a)
tuairisc ar chur chuige na cuideachta, lena n-áirítear san fhadtéarma, maidir le dícheall cuí;
(b)
cód iompair ina bhfuil cur síos ar rialacha agus prionsabail atá le leanúint sa chuideachta ina hiomláine agus ina fochuideachtaí, agus i gcomhpháirtithe gnó díreacha nó indíreacha na cuideachta, i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointe (b), Airteagal 10(4), Airteagal 11(3), pointe (c), nó Airteagal 11(5); agus
(c)
tuairisc ar na próisis a cuireadh i bhfeidhm chun an dícheall cuí a chomhtháthú i mbeartais ábhartha na cuideachta agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta a glacadh chun comhlíonadh an chóid iompair dá dtagraítear i bpointe (b) a fhíorú agus chun cur i bhfeidhm an chóid sin a leathnú chun comhpháirtithe gnó. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|