+Airteagal 7 Dícheall cuí a chomhtháthú i mbeartais agus i gcórais bainistithe riosca na cuideachta
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.

Airteagal 7 Dícheall cuí a chomhtháthú i mbeartais agus i gcórais bainistithe riosca na cuideachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí an dícheall cuí a chomhtháthú ina mbeartais ábhartha go léir agus ina gcórais bainistithe riosca ábhartha go léir agus go mbeidh beartas díchill chuí i bhfeidhm acu lena gcinntítear dícheall cuí rioscabhunaithe.
Airteagal 7 2.

Déanfar an beartas díchill chuí dá dtagraítear i mír 1 a fhorbairt tar éis dul i gcomhairle le fostaithe na cuideachta agus lena n-ionadaithe, agus ba cheart an méid seo a leanas a bheith ann:

(a) 

tuairisc ar chur chuige na cuideachta, lena n-áirítear san fhadtéarma, maidir le dícheall cuí;

(b) 

cód iompair ina bhfuil cur síos ar rialacha agus prionsabail atá le leanúint sa chuideachta ina hiomláine agus ina fochuideachtaí, agus i gcomhpháirtithe gnó díreacha nó indíreacha na cuideachta, i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointe (b), Airteagal 10(4), Airteagal 11(3), pointe (c), nó Airteagal 11(5); agus

(c) 

tuairisc ar na próisis a cuireadh i bhfeidhm chun an dícheall cuí a chomhtháthú i mbeartais ábhartha na cuideachta agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta a glacadh chun comhlíonadh an chóid iompair dá dtagraítear i bpointe (b) a fhíorú agus chun cur i bhfeidhm an chóid sin a leathnú chun comhpháirtithe gnó.

Airteagal 7 3.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na cuideachtaí a mbeartais díchill chuí a nuashonrú gan mhoill mhíchuí tar éis athrú suntasach a bheith ann, agus athbhreithniú a dhéanamh air agus, i gcás inar gá, é a nuashonrú gach 24 mhí ar a laghad.

Chun na críoch dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh cuideachtaí i gcuntas na drochthionchar a sainaithníodh cheana i gcomhréir le hAirteagal 8, chomh maith leis na bearta iomchuí a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair sin i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11 agus toradh na measúnuithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 15.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.