+Airteagal 10 Drochthionchair fhéideartha a chosc
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
|
Airteagal 10 Drochthionchair fhéideartha a chosc
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun drochthionchair fhéideartha arna sainaithint, nó ar cheart a bheith sainaitheanta, de bhun Airteagal 8, a chosc nó, i gcás nach féidir iad a chosc láithreach, iad a mhaolú ar bhealach leordhóthanach i gcomhréir le hAirteagal 9 agus leis an Airteagal seo. Chun na bearta iomchuí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:
(a)
cibé acu is féidir gurb í an chuideachta agus í sin amháin is cúis leis an drochthionchar féideartha; cibé acu is féidir gurb iad an chuideachta agus fochuideachta nó comhpháirtí gnó is cúis leis go comhpháirteach, trí gníomhartha nó neamhghníomhartha; nó cibé acu is féidir gurb é comhpháirtí gnó cuideachta sa slabhra gníomhaíochtaí agus é sin amháin is cúis leis;
(b)
cibé acu is féidir gur tharla an drochthionchar féideartha in oibríochtaí fochuideachta, comhpháirtí gnó díreach nó comhpháirtí gnó indíreach; agus
(c)
cumas na cuideachta tionchar a imirt ar an gcomhpháirtí gnó a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leis an drochthionchar nó ina chúis chomhpháirteach.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Beidh sé de cheangal ar chuideachtaí na bearta iomchuí, seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha:
(a)
i gcás inar gá, i ngeall ar chineál nó ar chastacht na mbeart is gá i ndáil le cosc, plean gníomhaíochta coisctheach a fhorbairt agus a chur chun feidhme gan mhoill mhíchuí ina mbeidh amlínte réasúnta léir-shainithe chun na bearta iomchuí a chur chun feidhme agus táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun feabhsú a thomhas. féadfaidh cuideachtaí a bpleananna gníomhaíochta a fhorbairt i gcomhar le tionscnaimh earnála nó il-gheallsealbhóirí; cuirfear an plean gníomhaíochta coisctheach in oiriúint d’oibríochtaí agus do shlabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí;
(b)
dearbhuithe conarthacha a lorg ó chomhpháirtí gnó díreach a áiritheoidh go gcomhlíonfar cód iompair na cuideachta agus, de réir mar is gá, an plean gníomhaíochta coisctheach, lena n-áirítear trí dearbhuithe conarthacha chomhfhreagracha a bhunú lena chomhpháirtithe, a mhéid is cuid de shlabhra gníomhaíochtaí na cuideachta iad a gcuid gníomhaíochtaí; nuair a fhaightear na dearbhuithe conarthacha sin, beidh feidhm ag mír 5;
(c)
infheistíochtaí riachtanacha airgeadais nó infheistíochtaí nach cinn airgeadais iad, coigeartuithe nó uasghráduithe, mar shampla, ar shaoráidí ar phróisis táirgthe nó ar phróisis oibríochtúla agus bonneagair;
(d)
modhnuithe agus feabhsuithe riachtanacha a dhéanamh ar phlean gnó na cuideachta féin, ar straitéisí agus ar oibríochtaí foriomlána, lena n-áirítear cleachtais cheannaigh, dearadh agus cleachtais dáileacháin;
(e)
tacaíocht spriocdhírithe agus chomhréireach a chur ar fáil do FBM, is comhpháirtí gnó de chuid na cuideachta, i gcás inar gá i bhfianaise acmhainní, eolas agus srianta an FBM, lena n-áirítear trí rochtain a sholáthar nó trína dhéanamh gur féidir rochtain a fháil ar fhothú acmhainneachta, ar oiliúint nó chórais bainistithe an uasghrádaithe, agus, i gcás ina gcuirfeadh comhlíonadh an chóid iompair nó an phlean gníomhaíochta coiscthí inmharthanacht an FBM i mbaol, tacaíocht airgeadais spriocdhírithe agus chomhréireach a chur ar fáil, mar shampla maoiniú díreach, iasachtaí ar ús íseal, ráthaíochtaí maidir le foinsiú leanúnach, nó cúnamh chun maoiniú a fháil;
(f)
i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí na hiomaíochta, comhoibriú le heintitis eile, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cur le cumas na cuideachta an drochthionchar a chosc nó a mhaolú, go háirithe i gcás nach bhfuil aon bheart eile oiriúnach ná éifeachtach.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Féadfaidh cuideachtaí, i gcás inarb ábhartha, bearta iomchuí a dhéanamh de bhreis ar na bearta a liostaítear i mír 2, amhail dul i dteagmháil le comhpháirtí gnó faoi ionchais na cuideachta maidir le drochthionchair fhéideartha a chosc agus a mhaolú, nó trí rochtain a chur ar fáil nó trína dhéanamh gur féidir rochtain a fháil ar fhothú acmhainneachta, treoraíocht, tacaíocht riaracháin agus airgeadais mar shampla iasachtaí nó maoiniú, agus acmhainní, eolas agus srianta an chomhpháirtí gnó á gcur i gcuntas.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Maidir le drochthionchair fhéideartha nach bhféadfaí a chosc ná a íoslaghdú go leordhóthanach leis na bearta iomchuí a liostaítear i mír 2, féadfaidh an chuideachta dearbhuithe conarthacha a lorg ó comhpháirtí gnó, indíreach, d’fhonn go ndéanfaí cód iompair nó plean gníomhaíochta coisctheach na cuideachta a chomhlíonadh. Nuair a fhaightear na dearbhuithe conarthacha sin, beidh feidhm ag mír 5.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Beidh na bearta iomchuí chun an comhlíonadh a fhíorú ag gabháil leis na dearbhuithe conarthacha dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) agus i mír 4. Chun críocha an comhlíonadh a fhíorú, féadfaidh an chuideachta tagairt a dhéanamh d’fhíorú neamhspleách tríú páirtí, lena n-áirítear trí thionscnaimh tionscnaimh earnála nó il-gheallsealbhóirí. Nuair a fhaightear dearbhuithe conarthacha ó FBM, nó nuair a dhéantar conradh le FBM, beidh na téarmaí a úsáidfear cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach. Déanfaidh an chuideachta measúnú freisin ar cheart aon cheann de na bearta iomchuí do FBManna dá dtagraítear i mír 2, pointe (e) a bheith ag gabháil le dearbhuithe conarthacha FBManna. I gcás ina ndéantar bearta chun comhlíontacht a fhíorú i ndáil le FBManna, is í an chuideachta a íocfaidh as costas an fhíoraithe neamhspleách tríú páirtí. I gcás ina n-iarrann an FBM ar a laghad cuid de chostas fhíorú neamhspleách an tríú páirtí a íoc, nó i gcomhaontú leis an gcuideachta, féadfaidh an FBM sin torthaí an fhíoraithe sin a roinnt le cuideachtaí eile.
|
|
Airteagal 10 6.
|
A mhéid a bhaineann le drochthionchair fhéideartha dá dtagraítear i mír 1 nach rabhthas in ann a chosc ná a mhaolú ar bhealach leormhaith leis na bearta a leagtar amach i míreanna 2, 4 agus 5, déanfaidh an chuideachta an méid seo a leanas, mar rogha dheireanach agus go dtí go dtabharfar aghaidh ar an tionchar sin:
(a)
staonadh ó chaidreamh nua a dhéanamh le comhpháirtí gnó, nó ó chaidreamh atá ann cheana a leathnú le comhpháirtí gnó, ar i dtaca leis an gcomhpháirtí sin nó lena shlabhra gníomhaíochtaí a tháinig an tionchar chun cinn;
(b)
i gcás ina bhfuil sí i dteideal amhlaidh faoin dlí lena rialaítear a caidreamh leis an gcomhpháirtí gnó lena mbaineann, an caidreamh gnó maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann a chur ar fionraí, lena n-áirítear d’fhonn a giaráil a úsáid nó a mhéadú, agus
(c)
plean gníomhaíochta coisctheach feabhsaithe maidir leis an drochthionchar sonrach a ghlacadh agus a chur chun feidhme gan moill mhíchuí, ar choinníoll go bhfuil ionchas réasúnta ann go n-éireoidh leis na hiarrachtaí den sórt sin.
Fad a bheidh ionchas réasúnta ann go n-éireoidh leis an bplean gníomhaíochta coisctheach feabhsaithe, ní bheidh an chuideachta neamhchosanta ar phionóis de bhun Airteagal 27 ná ar dhliteanas faoi Airteagal 29 toisc leanúint de bheith i dteagmháil leis an gcomhpháirtí gnó. Sula gcuirfear caidreamh gnó ar fionraí, déanfaidh an chuideachta measúnú i dtaobh an féidir a mheas go réasúnta go mbeidh na drochthionchair a eascraíonn as caidreamh gnó a chur ar fionraí níos déine ná an drochthionchar nach bhféadfaí a chosc nó a mhaolú go leormhaith. Dá mb’amhlaidh an cás é, ní cheanglófar ar an gcuideachta an caidreamh gnó a chur ar fionraí agus beidh sí in ann tuairisc a thabhairt don údarás inniúil maoirseachta faoi na cúiseanna cuí-réasúnaithe le cinneadh den sórt sin. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rogha chun an caidreamh gnó a chur ar fionraí i gconarthaí a rialaítear lena ndlíthe i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cé is moite de chonarthaí ina bhfuil oibleagáid dlí ar na comhpháirtithe iad a dhéanamh. I gcás ina gcinnfidh an chuideachta an caidreamh gnó a chur ar fionraí, déanfaidh sí bearta chun tionchair na fionraí a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur leo, tabharfaidh sí fógra réasúnta don chomhpháirtí gnó lena mbaineann agus coimeádfaidh sí an cinneadh sin faoi athbhreithniú. I gcás ina gcinnfidh an chuideachta gan an caidreamh gnó a chur ar fionraí de bhun an Airteagail seo, déanfaidh sí faireachán ar an drochthionchar féideartha agus déanfaidh sí measúnú tréimhsiúil ar a cinneadh agus i dtaobh an bhfuil bearta iomchuí breise ar fáil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1760
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|