|
+Airteagal 19 2. |
Airteagal 19 2.Áireofar an méid seo a leanas ar na treoirlínte atá le heisiúint de bhun mhír 1:
(a)
treoraíocht agus dea-chleachtais maidir le conas dícheall cuí a dhéanamh i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 go 16, go háirithe an próiseas sainaitheanta de bhun Airteagal 8, tosaíocht a thabhairt do thionchair de bhun Airteagal 9, bearta iomchuí chun cleachtais cheannaigh a oiriúnú de bhun Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3), díscor freagrach de bhun Airteagal 10(6) agus Airteagal 11(7), bearta iomchuí feabhsúcháin de bhun Airteagal 12, agus maidir le conas geallsealbhóirí a shainaithint agus dul i dteagmháil leo de bhun Airteagal 13, lena n-áirítear tríd an sásra fógra agus nós imeachta gearán a bhunaítear in Airteagal 14; ▼M2 —————
(c)
treoraíocht earnáilsonrach;
(d)
treoraíocht maidir le measúnú a dhéanamh ar fhachtóirí riosca ar leibhéal na cuideachta, fachtóirí riosca oibríochtaí gnó, fachtóirí riosca geografacha agus comhthéacsúla, fachtóirí riosca táirgí agus seirbhíse, agus fachtóirí riosca earnálacha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca;
(e)
tagairtí do shonraí agus d’fhoinsí faisnéise atá ar fáil chun na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh, agus d’uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha a d’fhéadfadh comhlíonadh a éascú agus tacú leis;
(f)
faisnéis maidir le conas acmhainní agus faisnéis a chomhroinnt idir cuideachtaí agus eintitis dhlíthiúla eile chun forálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a chomhlíonadh, ar mhodh atá i gcomhréir le cosaint rún trádála de bhun Airteagal 5(3) agus an chosaint ar aon fhrithbheart agus aon díoltas féideartha dá bhforáiltear in Airteagal 13;
(g)
faisnéis do pháirtithe leasmhara agus dá n-ionadaithe maidir le conas a bheith páirteach ó thús deireadh i bpróiseas an díchill chuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|