+Airteagal 19 Treoirlínte
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
|
Airteagal 19 Treoirlínte
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Chun tacú le cuideachtaí nó d’údaráis na mBallstát maidir leis an gcaoi ar cheart do chuideachtaí a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh ar mhodh praiticiúil agus chun tacú le geallsealbhóirí, féadfaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, leis an Údarás Eorpach Saothair, agus i gcás inarb iomchuí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí eile a bhfuil saineolas acu ar an dícheall cuí, treoirlínte a eisiúint, lena n-áirítear treoirlínte ginearálta agus treoirlínte earnáilsonracha nó treoirlínte i gcás tionchair dhíobhálacha shonracha.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Áireofar an méid seo a leanas ar na treoirlínte atá le heisiúint de bhun mhír 1:
(a)
treoraíocht agus dea-chleachtais maidir le conas dícheall cuí a dhéanamh i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 go 16, go háirithe an próiseas sainaitheanta de bhun Airteagal 8, tosaíocht a thabhairt do thionchair de bhun Airteagal 9, bearta iomchuí chun cleachtais cheannaigh a oiriúnú de bhun Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3), díscor freagrach de bhun Airteagal 10(6) agus Airteagal 11(7), bearta iomchuí feabhsúcháin de bhun Airteagal 12, agus maidir le conas geallsealbhóirí a shainaithint agus dul i dteagmháil leo de bhun Airteagal 13, lena n-áirítear tríd an sásra fógra agus nós imeachta gearán a bhunaítear in Airteagal 14;
▼M2 —————
▼B
(c)
treoraíocht earnáilsonrach;
(d)
treoraíocht maidir le measúnú a dhéanamh ar fhachtóirí riosca ar leibhéal na cuideachta, fachtóirí riosca oibríochtaí gnó, fachtóirí riosca geografacha agus comhthéacsúla, fachtóirí riosca táirgí agus seirbhíse, agus fachtóirí riosca earnálacha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca;
(e)
tagairtí do shonraí agus d’fhoinsí faisnéise atá ar fáil chun na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh, agus d’uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha a d’fhéadfadh comhlíonadh a éascú agus tacú leis;
(f)
faisnéis maidir le conas acmhainní agus faisnéis a chomhroinnt idir cuideachtaí agus eintitis dhlíthiúla eile chun forálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a chomhlíonadh, ar mhodh atá i gcomhréir le cosaint rún trádála de bhun Airteagal 5(3) agus an chosaint ar aon fhrithbheart agus aon díoltas féideartha dá bhforáiltear in Airteagal 13;
(g)
faisnéis do pháirtithe leasmhara agus dá n-ionadaithe maidir le conas a bheith páirteach ó thús deireadh i bpróiseas an díchill chuí.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Glacfar na treoirlínte dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (d) agus (e) faoin 26 Iúil 2027. Glacfar na treoirlínte dá dtagraítear i mír 2, pointí (f) agus (g) faoin 26 Iúil 2028.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Cuirfear na treoirlínte dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar na treoirlínte agus oiriúnóidh sé iad i gcás inarb iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1760
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|