+Airteagal 27 Pionóis
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.

Airteagal 27 Pionóis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27 1.
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann le pionóis, lena n-áirítear pionóis airgid, is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Airteagal 27 2.

Agus cinneadh á dhéanamh an ndéanfar pionóis a fhorchur agus, i gcás ina ndéanfar amhlaidh, le linn cineál agus leibhéal iomchuí na bpionós a chinneadh, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a) 

cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, agus déine na dtionchar a eascraíonn as an sárú sin;

(b) 

aon infheistíochtaí arna ndéanamh agus aon tacaíocht spriocdhírithe arna soláthar de bhun Airteagail 10 agus 11;

(c) 

aon chomhoibriú le heintitis eile chun aghaidh a thabhairt ar thionchair lena mbaineann;

(d) 

i gcás inarb ábhartha, a mhéid a rinneadh cinntí tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 9;

(e) 

aon sáruithe ábhartha a rinne an chuideachta roimhe sin ar fhorálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo;

(f) 

a mhéid a rinne an chuideachta aon ghníomhaíocht leasúcháin maidir leis an ábhar lena mbaineann;

(g) 

na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an chuideachta nó na caillteanais a sheachain sí de bharr an tsáraithe;

(h) 

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis lena mbaineann.

Airteagal 27 3.

Déanfaidh na Ballstáit foráil do na pionóis seo a leanas ar a laghad:

(a) 

pionóis airgid;

(b) 

mura gcomhlíonann cuideachta an cinneadh lena bhforchuirtear pionós airgid laistigh den teorainn ama is infheidhme, ráiteas poiblí ina gcuirtear in iúl an chuideachta atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe.

Airteagal 27 4.
Eiseoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoraíocht chun cabhrú leis na húdaráis mhaoirseachta leibhéal na bpionós a chinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo. Áiritheoidh na Ballstáit go socrófar an uasteorainn le haghaidh pionóis airgid ag 3 % de ghlanláimhdeachas domhanda na cuideachta sa bhliain airgeadais roimh bhliain an chinnidh an fhíneáil a ghearradh nó, i gcás máthairchuideachtaí deiridh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (b) agus (c), agus in Airteagal 2(2), pointí (b) agus (c), 3 % den ghlanláimhdeachas domhanda comhdhlúite arna ríomh ar leibhéal na máthairchuideachta deiridh, sa bhliain airgeadais roimh bhliain an chinnidh an fhíneáil a ghearradh.
Airteagal 27 5.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar aon chinneadh de chuid na n-údarás maoirseachta maidir le pionóis a bhaineann le sáruithe ar fhorálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, go mbeidh sé ar fáil go poiblí ar feadh 5 bliana ar a laghad agus go gcuirfear chuig Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta é a cuireadh ar bun faoi Airteagal 28. Ní bheidh aon sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679 sa chinneadh foilsithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.