+Airteagal 28 Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.
---+Airteagal 28 6.
---+Airteagal 28 7.
---+Airteagal 28 8.
---+Airteagal 28 9.
---+Airteagal 28 10.
|
Airteagal 28 Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
Bunóidh an Coimisiún Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta, ina mbeidh ionadaithe ó na húdaráis mhaoirseachta. Éascóidh Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta comhar na n-údarás maoirseachta agus comhordú agus ailíniú cleachtas rialála, imscrúdaitheacha, smachtbhannaí agus maoirseachta na n-údarás maoirseachta agus, de réir mar is iomchuí, comhroinnt na faisnéise eatarthu. Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do ghníomhaireachtaí an Aontais a bhfuil saineolas ábhartha acu sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo dul isteach i Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta.
|
|
Airteagal 28 2.
|
Comhoibreoidh na Ballstáit le Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta chun na cuideachtaí laistigh dá ndlínse a shainaithint, go háirithe tríd an bhfaisnéis uile is gá a sholáthar chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann cuideachta tríú tír na critéir a leagtar síos in Airteagal 2. Bunóidh an Coimisiún córas slán chun faisnéis a mhalartú maidir leis an nglanláimhdeachas arna ghiniúint san Aontas ag cuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), nach bhfuil brainse aici in aon Bhallstát, nó mura bhfuil brainsí aici i mBallstáit éagsúla, agus cuirfidh na Ballstáit in iúl go rialta faisnéis atá acu maidir leis an nglanláimhdeachas arna ghiniúint ag na cuideachtaí sin. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis sin laistigh d’achar réasúnta ama agus tabharfaidh sé fógra don Bhallstát inar ghin an chuideachta an chuid is mó dá glanláimhdeachas san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach, gur cuideachta í an chuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus go bhfuil údarás maoirseachta an Bhallstáit inniúil i gcomhréir le hAirteagal 24(3).
|
|
Airteagal 28 3.
|
Tabharfaidh údaráis mhaoirseachta faisnéis ábhartha agus cúnamh frithpháirteach dá chéile agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu agus cuirfidh siad bearta i bhfeidhm ar mhaithe le comhar éifeachtach a bhaint amach lena chéile. Áireofar le cúnamh frithpháirteach comhoibriú d’fhonn na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 18 a fheidhmiú, lena n-áirítear i ndáil le cigireachtaí agus iarrataí ar fhaisnéis.
|
|
Airteagal 28 4.
|
Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta na bearta iomchuí uile is gá chun iarraidh ar chúnamh ó údarás maoirseachta eile a fhreagairt agus déanfar é sin gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an iarraidh a fháil. I gcás inar gá sin de bharr imthosca an cháis, féadfar an tréimhse a fhadú síneadh suas go 2 mhí ar a mhéad, bunaithe ar údar cuí. Féadfar a áireamh sna bearta sin, go háirithe, faisnéis ábhartha a tharchur maidir le himscrúdú a dhéanamh.
|
|
Airteagal 28 5.
|
Cuimseofar sna hiarrataí ar chúnamh gach faisnéis is gá, lena n-áirítear cuspóir na hiarrata agus na cúiseanna atá léi. Ní bhainfidh údaráis mhaoirseachta úsáid as an bhfaisnéis a fhaightear trí iarraidh ar chúnamh ach amháin chun na críche ar iarradh í.
|
|
Airteagal 28 6.
|
Cuirfidh an t-údarás maoirseachta iarrtha an t-údarás maoirseachta iarrthach ar an eolas faoi thorthaí na mbeart nó, de réir mar a bheidh, faoin dul chun cinn maidir leis na bearta atá le déanamh chun freagairt don iarraidh ar chúnamh.
|
|
Airteagal 28 7.
|
Ní ghearrfaidh údaráis mhaoirseachta táillí ar a chéile as gníomhaíochtaí agus bearta a dhéanfar de bhun iarraidh ar chúnamh. Féadfaidh údaráis mhaoirseachta rialacha a chomhaontú le chéile, áfach, le go slánóidh údaráis mhaoirseachta eile iad maidir le caiteachas sonrach a éiríonn as cúnamh a sholáthar i gcásanna eisceachtúla.
|
|
Airteagal 28 8.
|
Cuirfidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 24(3) Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta ar an eolas faoin méid sin agus faoi aon iarraidh an t-údarás inniúil maoirseachta a athrú.
|
|
Airteagal 28 9.
|
Nuair atá amhras ann maidir le sannadh na hinniúlachta, déanfar an fhaisnéis ar a bhfuil an sannadh sin bunaithe a roinnt le Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta, a d’fhéadfadh iarrachtaí a chomhordú chun teacht ar réiteach.
|
|
Airteagal 28 10.
|
Foilseoidh Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta an méid seo a leanas:
(a)
cinntí na n-údarás maoirseachta ina bhfuil pionóis dá dtagraítear in Airteagal 27(5); agus
(b)
liosta táscach de chuideachtaí tríú tír atá faoi réir na Treorach seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1760
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|