+Airteagal 1
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
|
Airteagal 1
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Bunaítear leis seo an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta (‘an tÚdarás’).
|
|
Airteagal 1 2.
|
Gníomhóidh an tÚdarás faoi na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo, go háirithe na cinn sin a leagtar amach in Airteagal 6, agus faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1113, Treoir (AE) 2024/1640 agus Rialachán (AE) 2024/1624, chomh maith le gach treoir, rialachán agus cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a thugann cúraimí don Údarás, reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2024/1640, agus treoracha eile lena mbronntar cúraimí ar údaráis mhaoirseachta.
|
|
Airteagal 1 3.
|
Is é is cuspóir don Údarás leas an phobail, cobhsaíocht agus sláine chóras airgeadais an Aontais agus cuífheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint tríd an méid seo a leanas:
(a)
cosc a chur le húsáid chóras airgeadais an Aontais chun airgead a sciúradh agus an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú (‘ML/TF’);
(b)
rannchuidiú le rioscaí agus bagairtí ML/TF ar fud an mhargaidh inmheánaigh a shainaithint agus a mheasúnú, mar aon le rioscaí agus bagairtí a thagann ó lasmuigh den Aontas ag a bhfuil tionchar ar an margadh inmheánach nó a bhféadfadh tionchar a bheith acu air sin;
(c)
maoirseacht ardcháilíochta a áirithiú sa réimse a bhaineann le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (‘AML/CFT’) ar fud an mhargaidh inmheánaigh;
(d)
rannchuidiú le cóineasú maoirseachta i réimse AML/CFT tríd an margadh inmheánach;
(e)
rannchuidiú le comhchuibhiú cleachtas sa bhraiteoireacht a dhéanann Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais (‘FIUnna’) ar idirbhearta nó gníomhaíochtaí amhrasacha;
(f)
tacú le malartú faisnéise idir FIUnna, agus idir FIUnna agus údaráis inniúla eile, agus an malartú sin a chomhordú.
Beidh forálacha an Rialacháin seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, go háirithe de bhun Airteagal 258 CFAE, chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|