|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.Maidir leis na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid, beidh ag an Údarás na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha mar a shonraítear in Airteagail 17 go 21 agus an chumhacht chun smachtbhannaí airgid agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur mar a shonraítear in Airteagail 22 agus 23. Beidh na cumhachtaí agus na hoibleagáidí atá ag maoirseoirí airgeadais i réimse AML/CFT faoi dhlí is infheidhme an Aontais ag an Údarás freisin, mura bhforáiltear dá mhalairt leis an Rialachán seo. A mhéid is gá chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, féadfaidh an tÚdarás a cheangal ar mhaoirseoirí airgeadais, trí threoracha, úsáid a bhaint as a gcumhachtaí i réimse AML/CFT, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus i gcomhréir leo, i gcás nach dtugtar na cumhachtaí sin don Údarás leis an Rialachán seo. Chun na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír a fheidhmiú, féadfaidh an tÚdarás cinntí ceangailteacha atá dírithe ar eintitis roghnaithe aonair faoi oibleagáid a eisiúint. Beidh an chumhacht ag an Údarás bearta riaracháin a chur i bhfeidhm agus smachtbhannaí airgid a fhorchur as neamhchomhlíonadh na gcinntí a dhéantar i bhfeidhmiú na cumhachta a leagtar síos in Airteagal 21, i gcomhréir le hAirteagal 22. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|