+Airteagal 6
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.

Airteagal 6

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Maidir leis na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid, beidh ag an Údarás na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha mar a shonraítear in Airteagail 17 go 21 agus an chumhacht chun smachtbhannaí airgid agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur mar a shonraítear in Airteagail 22 agus 23.

Beidh na cumhachtaí agus na hoibleagáidí atá ag maoirseoirí airgeadais i réimse AML/CFT faoi dhlí is infheidhme an Aontais ag an Údarás freisin, mura bhforáiltear dá mhalairt leis an Rialachán seo.

A mhéid is gá chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh, féadfaidh an tÚdarás a cheangal ar mhaoirseoirí airgeadais, trí threoracha, úsáid a bhaint as a gcumhachtaí i réimse AML/CFT, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus i gcomhréir leo, i gcás nach dtugtar na cumhachtaí sin don Údarás leis an Rialachán seo.

Chun na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír a fheidhmiú, féadfaidh an tÚdarás cinntí ceangailteacha atá dírithe ar eintitis roghnaithe aonair faoi oibleagáid a eisiúint. Beidh an chumhacht ag an Údarás bearta riaracháin a chur i bhfeidhm agus smachtbhannaí airgid a fhorchur as neamhchomhlíonadh na gcinntí a dhéantar i bhfeidhmiú na cumhachta a leagtar síos in Airteagal 21, i gcomhréir le hAirteagal 22.

Airteagal 6 2.

Maidir le maoirseoirí agus le húdaráis mhaoirseachta, beidh na cumhachtaí seo a leanas ag an Údarás:

(a) 

a cheangal go gcuirfear isteach faisnéis nó doiciméid, lena n-áirítear mínithe i scríbhinn nó ó bhéal, atá riachtanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis staidrimh agus faisnéis a bhaineann le próisis nó socruithe inmheánacha maoirseoirí náisiúnta agus údarás maoirseachta, agus rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin sna ceistneoirí struchtúrtha coiteanna agus as uirlisí eile ar líne agus as líne arna bhforbairt ag an Údarás agus an fhaisnéis sin a bhaint astu;

(b) 

treoirlínte agus moltaí a eisiúint;

(c) 

iarrataí ar ghníomhú agus treoracha a eisiúint maidir le bearta atá le déanamh i ndáil le heintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid de bhun Chaibidil II, Roinn 4;

(d) 

idirghabháil a dhéanamh ar iarraidh ó mhaoirseoir airgeadais nó ó mhaoirseoir seach-airgeadais;

(e) 

ar iarraidh ó mhaoirseoirí airgeadais, easaontais idir maoirseoirí airgeadais a réiteach, le héifeacht cheangailteach, lena n-áirítear i gcomhthéacs choláistí maoirseachta AML/CFT.

Airteagal 6 3.

Maidir le FIUnna sna Ballstáit, beidh na cumhachtaí seo a leanas ag an Údarás:

(a) 

sonraí agus anailísí neamhoibríochtúla a iarraidh ar FIUnna, i gcás inar gá iad chun measúnú a dhéanamh ar bhagairtí, ar leochaileachtaí agus ar rioscaí atá roimh an margadh inmheánach i ndáil le ML/TF;

(b) 

faisnéis agus staidreamh a bhailiú i ndáil le cúraimí agus gníomhaíochtaí FIUnna;

(c) 

faisnéis agus sonraí is gá le haghaidh tionscnamh, seoladh agus comhordú anailísí comhpháirteacha a fháil agus a phróiseáil, mar a shonraítear in Airteagal 40;

(d) 

treoirlínte agus moltaí a eisiúint.

Airteagal 6 4.

Chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5(1) a dhéanamh, beidh na cumhachtaí seo a leanas ag an Údarás:

(a) 

dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 49;

(b) 

dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 53;

(c) 

treoirlínte agus moltaí a eisiúint, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 54;

(d) 

tuairimí a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 55.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.