+Airteagal 10
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 10 7.
|
Airteagal 10
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is iomchuí, an méid seo a leanas a fhorbairt:
(a)
ionstraimí agus uirlisí cóineasúcháin praiticiúla nua chun cineálacha cur chuige maoirseachta coiteanna agus dea-chleachtais choiteanna a chur chun cinn;
(b)
uirlisí agus modhanna praiticiúla le haghaidh cúnamh frithpháirteach tar éis an mhéid seo a leanas:
(i)
iarrataí sonracha ó údaráis mhaoirseachta;
(ii)
tarchur easaontas idir údaráis mhaoirseachta maidir leis na bearta atá le déanamh go comhpháirteach ag údaráis mhaoirseachta éagsúla i ndáil le heintiteas faoi oibleagáid.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Éascóidh agus spreagfaidh an tÚdarás ar a laghad na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)
cláir oiliúna earnála agus thrasearnála, lena n-áirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta;
(b)
malartuithe foirne agus úsáid a bhaint as scéimeanna iasachta, nascadh agus cuairteanna gearrthéarmacha;
(c)
malartuithe dea-chleachtas maoirseachta idir údaráis mhaoirseachta i gcás ina bhfuil saineolas forbartha ag údarás amháin i réimse sonrach de chleachtais mhaoirseachta AML/CFT.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Féadfaidh gach údarás maoirseachta iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a bhaineann lena chúraimí maoirseachta a chur faoi bhráid an Údaráis, agus sonrú á dhéanamh ar an gcineál cúnaimh atá á lorg aige ó fhoireann an Údaráis, foireann ceann amháin nó níos mó de na húdaráis mhaoirseachta, nó meascán de sin. Má bhaineann an iarraidh le gníomhaíochtaí i ndáil le maoirseacht eintiteas sonrach faoi oibleagáid, déanfaidh an t-údarás maoirseachta iarrthach an fhaisnéis agus na sonraí is gá chun cúnamh a sholáthar a tharchur chun an Údaráis. Coimeádfaidh an tÚdarás agus tabharfaidh sé cothrom le dáta go tráthrialta an fhaisnéis faoi réimsí sonracha saineolais agus faoi inniúlachtaí údarás maoirseachta chun cúnamh frithpháirteach a sholáthar a bhaineann lena gcúraimí maoirseachta.
|
|
Airteagal 10 4.
|
I gcás ina n-iarrfar ar an Údarás cúnamh a sholáthar chun cúraimí maoirseachta sonracha a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta i ndáil le heintitis faoi oibleagáid seachas eintitis roghnaithe faoi oibleagáid, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta iarrthach mionsonraí, san iarraidh uaidh, ar na cúraimí ar lena n-aghaidh a iarrtar tacaíocht. Ní fhorléireofar an cúnamh mar aistriú, ón údarás maoirseachta iarrthach chun an Údaráis, de chúraimí maoirseachta, de chumhachtaí, nó de chuntasacht chun maoirseacht a dhéanamh ar eintitis faoi oibleagáid seachas eintitis roghnaithe faoi oibleagáid.
|
|
Airteagal 10 5.
|
I gcás ina mbeidh an tÚdarás den tuairim go bhfuil an iarraidh iomchuí agus indéanta, déanfaidh sé gach iarracht an cúnamh iarrtha a chur ar fáil, lena n-áirítear trína acmhainní daonna féin a shlógadh agus trína áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta acmhainní a shlógadh ar bhonn deonach.
|
|
Airteagal 10 6.
|
Faoi dheireadh gach bliana, cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis cumraíocht maoirseachta na n-acmhainní daonna in iúl don Bhord Ginearálta a leithdháilfidh an tÚdarás ar an gcúnamh a iarrtar faoi mhír 3 den Airteagal seo a sholáthar le linn na bliana dár gcionn. I gcás ina dtiocfaidh athrú ar infhaighteacht acmhainní daonna toisc aon cheann de na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), (3) agus (4) a bheith á chomhlíonadh, cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis é sin in iúl don Bhord Ginearálta i gcumraíocht na maoirseachta.
|
|
Airteagal 10 7.
|
Fanfaidh aon idirghníomhaíocht idir foireann an Údaráis agus an t-eintiteas faoi oibleagáid faoi fhreagracht eisiach an údaráis maoirseachta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an eintiteas sin. Ní fhorléireofar an idirghníomhaíocht sin mar aistriú cúraimí nó cumhachtaí a bhaineann le heintitis aonair faoi oibleagáid laistigh de chóras maoirseachta AML/CFT.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|