+Airteagal 30 1.
|
Airteagal 30 1.
Déanfaidh an tÚdarás measúnuithe tréimhsiúla ar chuid de na gníomhaíochtaí nó ar na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le ceann amháin, roinnt díobh, nó na maoirseoirí airgeadais go léir, agus chomh maith leis sin ar a n-uirlisí agus a n-acmhainní. Mar chuid de gach measúnú, déanfaidh an tÚdarás measúnú ar a mhéid a dhéanann maoirseoir airgeadais a chúraimí i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1640 agus a dhéanann sé na bearta is gá chun caighdeáin agus cleachtais mhaoirseachta ardleibhéil chomhsheasmhacha a áirithiú. Cuirfear san áireamh sna measúnuithe leibhéal comhchuibhithe na gcineálacha cur chuige maoirseachta agus, chuige sin, áireofar athbhreithniú ar chur i bhfeidhm mhodheolaíocht mhaoirseachta AML/CFT, ina hiomláine nó i bpáirt, a forbraíodh de bhun Airteagal 8, agus cumhdófar leo na maoirseoirí airgeadais uile laistigh de thimthriall measúnúcháin amháin. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta, plean timthrialla measúnúcháin. Féadfaidh an Bord Ginearálta, ag gníomhú dó trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, a cheangal ar an mBord Feidhmiúcháin plean nua a ghlacadh. Déanfaidh an tÚdarás fad gach timthrialla measúnúcháin a chinneadh, agus ní rachaidh sé thar 7 mbliana. Forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú comhsheasmhach a dhéanamh ar na maoirseoirí airgeadais a athbhreithníodh sa timthriall céanna agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Ag deireadh gach timthrialla measúnúcháin, cuirfidh an tÚdarás a chuid fionnachtana faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|