+Airteagal 30
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.

Airteagal 30

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30 1.
Déanfaidh an tÚdarás measúnuithe tréimhsiúla ar chuid de na gníomhaíochtaí nó ar na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le ceann amháin, roinnt díobh, nó na maoirseoirí airgeadais go léir, agus chomh maith leis sin ar a n-uirlisí agus a n-acmhainní. Mar chuid de gach measúnú, déanfaidh an tÚdarás measúnú ar a mhéid a dhéanann maoirseoir airgeadais a chúraimí i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1640 agus a dhéanann sé na bearta is gá chun caighdeáin agus cleachtais mhaoirseachta ardleibhéil chomhsheasmhacha a áirithiú. Cuirfear san áireamh sna measúnuithe leibhéal comhchuibhithe na gcineálacha cur chuige maoirseachta agus, chuige sin, áireofar athbhreithniú ar chur i bhfeidhm mhodheolaíocht mhaoirseachta AML/CFT, ina hiomláine nó i bpáirt, a forbraíodh de bhun Airteagal 8, agus cumhdófar leo na maoirseoirí airgeadais uile laistigh de thimthriall measúnúcháin amháin. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta, plean timthrialla measúnúcháin. Féadfaidh an Bord Ginearálta, ag gníomhú dó trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, a cheangal ar an mBord Feidhmiúcháin plean nua a ghlacadh. Déanfaidh an tÚdarás fad gach timthrialla measúnúcháin a chinneadh, agus ní rachaidh sé thar 7 mbliana.

Forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú comhsheasmhach a dhéanamh ar na maoirseoirí airgeadais a athbhreithníodh sa timthriall céanna agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Ag deireadh gach timthrialla measúnúcháin, cuirfidh an tÚdarás a chuid fionnachtana faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 30 2.
Is iad foireann an Údaráis agus, tar éis glao oscailte ar rannpháirtíocht, foireann maoirseoirí airgeadais nach bhfuil faoi réir athbhreithniú a dhéanfaidh na measúnuithe, ar bhonn deonach. I gcás inarb ábhartha, tabharfar aird chuí sna measúnuithe ar na meastóireachtaí, measúnuithe nó tuairiscí go léir arna ndréachtú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idir-rialtasacha ag a bhfuil inniúlacht sa réimse chun ML/TF a chosc. Féadfar aird chuí a thabhairt sna measúnuithe freisin ar an bhfaisnéis a leagtar amach i mbunachar sonraí lárnach AML/CFT arna bhunú de bhun Airteagal 11.
Airteagal 30 3.
Cuirfidh an tÚdarás tuairisc le chéile ina leagfar amach torthaí gach measúnaithe. Cuirfear dréachtleagan den tuairisc faoi bhráid an mhaoirseora airgeadais atá faoi réir an mheasúnaithe chun barúlacha a fháil ina leith, sula ndéanfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta é a bhreithniú. Laistigh de sprioc-am a chinnfidh an tÚdarás, déanfaidh an maoirseoir airgeadais atá faoi réir an mheasúnaithe barúlacha a thíolacadh maidir leis an dréacht-tuairisc. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an tuairisc chríochnaitheach a ghlacadh, ag cur san áireamh bharúlacha an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta. Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm na modheolaíochta measúnúcháin. Tabharfar míniú agus léiriú sa tuairisc ar aon bheart leantach sonrach is gá don mhaoirseoir airgeadais atá faoi réir an mheasúnaithe a ghlacadh, a mheastar a bheith iomchuí, comhréireach agus riachtanach mar thoradh ar an measúnú. Féadfar na bearta leantacha a ghlacadh freisin i bhfoirm treoirlínte agus moltaí ón mBord Ginearálta. Féadfar na bearta leantacha a ghlacadh freisin i bhfoirm moltaí aonair arna ndéanamh ag an mBord Feidhmiúcháin. Ní fhoilseofar na bearta leantacha aonair sin ach amháin le toiliú an mhaoirseora airgeadais lena mbaineann agus i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán amháin, sa chaoi nach féidir institiúidí airgeadais aonair a shainaithint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná tagairtí do mhaoirseoirí airgeadais sonracha san áireamh sa leagan foilsithe den tuairisc.
Airteagal 30 4.
Déanfaidh maoirseoirí airgeadais a ndícheall na bearta leantacha sonracha a dhírítear chucu mar thoradh ar an measúnú a chomhlíonadh. I gcás inarb infheidhme, déanfaidh maoirseoirí airgeadais nuashonruithe tráthrialta a sholáthar don Údarás maidir leis na cineálacha beart atá curtha chun feidhme acu mar fhreagairt ar an tuairisc dá dtagraítear i mír 3.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.