+Airteagal 31 1.

Airteagal 31 1.

Áiritheoidh an tÚdarás, laistigh de raon feidhme a chumhachtaí agus gan dochar do chumhachtaí na maoirseoirí airgeadais ábhartha, go ndéanfar coláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil airgeadais a bhunú agus a fheidhmiú go comhsheasmhach le haghaidh bunaíochtaí oibriúcháin eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid i roinnt Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 49 de Threoir (AE) 2024/1640. Chuige sin, féadfaidh an tÚdarás:

(a) 

coláiste a bhunú, i gcás nár bunaíodh coláiste den sórt sin fós cé go bhfuil na coinníollacha maidir lena bhunú a leagtar amach in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2024/1640 comhlíonta, agus cruinnithe coláistí a thionól agus a eagrú;

(b) 

cúnamh a thabhairt le heagrú cruinnithe coláiste, i gcás ina n-iarrfaidh na maoirseoirí airgeadais ábhartha amhlaidh;

(c) 

cúnamh a thabhairt pleananna maoirseachta comhpháirteacha agus cigireachtaí comhpháirteacha ar an láthair nó imscrúduithe comhpháirteacha lasmuigh den láthair a eagrú;

(d) 

an fhaisnéis ábhartha go léir a bhailiú agus a chomhroinnt i gcomhar leis na maoirseoirí airgeadais d’fhonn obair an choláiste a éascú agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar bhealach inrochtana d’údaráis an choláiste;

(e) 

gníomhaíochtaí agus cleachtais mhaoirseachta éifeachtacha agus éifeachtúla a chur chun cinn, lena n-áirítear na rioscaí a mbeidh eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid neamhchosanta orthu, nó a bhféadfadh eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid a bheith neamhchosanta orthu, a mheas;

(f) 

i gcomhréir leis na cúraimí agus na cumhachtaí a shonraítear sa Rialachán seo, formhaoirseacht a dhéanamh ar na cúraimí a chuireann na maoirseoirí airgeadais i gcrích;

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.