+Airteagal 36
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.
---+Airteagal 36 3.
|
Airteagal 36
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 36 1.
|
Déanfaidh an tÚdarás, laistigh de raon feidhme a chumhachtaí agus gan dochar do chumhachtaí na maoirseoirí ábhartha seach-airgeadais de bhun Airteagal 50 de Threoir (AE) 2024/1640, cúnamh a thabhairt coláistí maoirseachta AML/CFT san earnáil seach-airgeadais a chur ar bun agus a fheidhmiú le haghaidh eintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais a oibríonn bunaíochtaí i roinnt Ballstát i gcomhréir leis an Airteagal sin.
|
|
Airteagal 36 2.
|
Chun críocha mhír 1, féadfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a mholadh go mbunófaí coláiste i gcás nár bunaíodh aon choláiste den sórt sin cé go measann an tÚdarás go dtugann neamhchosaint ar riosca ML/TF an eintitis faoi oibleagáid agus scála a ghníomhaíochtaí trasteorann údar cuí le coláiste a bhunú, agus le cruinnithe coláiste a chomhghairm agus a eagrú;
(b)
cúnamh a thabhairt cruinnithe coláiste a eagrú agus sa mheasúnú i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht maoirseoirí tríú tír sa choláiste, i gcás ina n-iarrann na maoirseoirí ábhartha seach-airgeadais amhlaidh;
(c)
cúnamh a thabhairt pleananna maoirseachta comhpháirteacha agus cigireachtaí comhpháirteacha ar an láthair nó imscrúduithe comhpháirteacha lasmuigh den láthair a eagrú;
(d)
cúnamh a thabhairt do na maoirseoirí seach-airgeadais an fhaisnéis ábhartha uile a bhailiú agus a chomhroinnt chun obair an choláiste a éascú agus chun an fhaisnéis sin a bheith inrochtana do na maoirseoirí sa choláiste;
(e)
gníomhaíochtaí agus cleachtais éifeachtacha agus éifeachtúla mhaoirseachta a chur chun cinn, lena n-áirítear meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhfuil eintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais neamhchosanta orthu nó a bhféadfaidís a bheith neamhchosanta orthu;
(f)
cúnamh a thabhairt do mhaoirseoirí seach-airgeadais, ar iarrataí sonracha uathu, lena n-áirítear iarrataí ar idirghabháil a dhéanamh idir maoirseoirí seach-airgeadais sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 50(2) agus (3) de Threoir (AE) 2024/1640.
|
|
Airteagal 36 3.
|
Chun críocha mhír 1, beidh cearta rannpháirtíochta iomlána ag foireann an Údaráis i gcoláistí maoirseachta AML/CFT. Ar chomhaontú ó na maoirseoirí seach-airgeadais lena mbaineann, beidh foireann an Údaráis ábalta a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an choláiste arna ndéanamh go comhpháirteach ag beirt mhaoirseoirí seach-airgeadais nó níos mó ná sin, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair ar eintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais seachas iad sin a chumhdaítear le hAirteagal 3, pointe (3)(a) agus (b), de Rialachán (AE) 2024/1624.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|