|
+Airteagal 36 2. |
Airteagal 36 2.Chun críocha mhír 1, féadfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a mholadh go mbunófaí coláiste i gcás nár bunaíodh aon choláiste den sórt sin cé go measann an tÚdarás go dtugann neamhchosaint ar riosca ML/TF an eintitis faoi oibleagáid agus scála a ghníomhaíochtaí trasteorann údar cuí le coláiste a bhunú, agus le cruinnithe coláiste a chomhghairm agus a eagrú;
(b)
cúnamh a thabhairt cruinnithe coláiste a eagrú agus sa mheasúnú i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht maoirseoirí tríú tír sa choláiste, i gcás ina n-iarrann na maoirseoirí ábhartha seach-airgeadais amhlaidh;
(c)
cúnamh a thabhairt pleananna maoirseachta comhpháirteacha agus cigireachtaí comhpháirteacha ar an láthair nó imscrúduithe comhpháirteacha lasmuigh den láthair a eagrú;
(d)
cúnamh a thabhairt do na maoirseoirí seach-airgeadais an fhaisnéis ábhartha uile a bhailiú agus a chomhroinnt chun obair an choláiste a éascú agus chun an fhaisnéis sin a bheith inrochtana do na maoirseoirí sa choláiste;
(e)
gníomhaíochtaí agus cleachtais éifeachtacha agus éifeachtúla mhaoirseachta a chur chun cinn, lena n-áirítear meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhfuil eintitis faoi oibleagáid san earnáil seach-airgeadais neamhchosanta orthu nó a bhféadfaidís a bheith neamhchosanta orthu;
(f)
cúnamh a thabhairt do mhaoirseoirí seach-airgeadais, ar iarrataí sonracha uathu, lena n-áirítear iarrataí ar idirghabháil a dhéanamh idir maoirseoirí seach-airgeadais sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 50(2) agus (3) de Threoir (AE) 2024/1640. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|