+Airteagal 41
---+Airteagal 41 1.
---+Airteagal 41 2.
---+Airteagal 41 3.
---+Airteagal 41 4.
---+Airteagal 41 5.
---+Airteagal 41 6.
|
Airteagal 41
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 41 1.
|
I gcás ina léiríonn torthaí anailíse comhpháirtí go bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil sciúradh airgid nó gníomhaíochtaí coiriúla eile á ndéanamh nó déanta a bhféadfadh OIPE a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 25(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/1939, tuairisceoidh an tÚdarás gan moill mhíchuí torthaí na hanailíse comhpháirtí agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise do OIPE.
|
|
Airteagal 41 2.
|
Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle le OIPE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun an fhormáid a shonrú atá le húsáid ag an Údarás chun faisnéis a thuairisciú do OIPE. Cuirfidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 27 Meitheamh 2026. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53.
|
|
Airteagal 41 3.
|
I gcás ina léiríonn torthaí na hanailíse comhpháirtí go bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais á ndéanamh nó déanta a bhféadfadh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a hinniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tarchuirfidh an tÚdarás torthaí na hanailíse comhpháirtí agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise chuig OLAF.
|
|
Airteagal 41 4.
|
Ar thoiliú sainráite na FIUnna uile atá rannpháirteach san anailís chomhpháirteach agus i gcás ina léiríonn torthaí na hanailíse comhpháirtí go bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go ndearnadh cion coiriúil a bhféadfadh Europol a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
12
), déanfaidh an tÚdarás torthaí na hanailíse comhpháirtí agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise a tharchur chuig Europol.
|
|
Airteagal 41 5.
|
Ar thoiliú sainráite na FIUnna uile atá rannpháirteach san anailís chomhpháirteach agus i gcás ina léiríonn torthaí na hanailíse comhpháirtí go bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go ndearnadh cion coiriúil a bhféadfadh Eurojust a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
13
), tarchuirfidh an tÚdarás torthaí na hanailíse comhpháirtí agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise chuig Eurojust.
|
|
Airteagal 41 6.
|
Féadfaidh an tÚdarás, OIPE, Europol, Eurojust agus OLAF faisnéis straitéiseach agus faisnéis neamhoibríochtúil eile, amhail tíopeolaíochtaí agus táscairí riosca, a mhalartú sna réimsí laistigh dá n-inniúlacht. Déanfar na coinníollacha maidir le malartú na faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír a leagan síos sna socruithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 94.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|