+Airteagal 45
---+Airteagal 45 1.
---+Airteagal 45 2.
---+Airteagal 45 3.
---+Airteagal 45 4.
|
Airteagal 45
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45 1.
|
I gcomhthéacs comhar a chur chun cinn idir FIUnna, agus tacú le hobair FIUnna, déanfaidh an tÚdarás, agus riachtanais FIUnna á gcur san áireamh aige, cineálacha cur chuige, modhanna agus dea-chleachtais choiteanna a chur chun cinn. Déanfaidh an tÚdarás freisin, go háirithe, na gníomhaíochtaí seo a leanas a eagrú agus a éascú:
(a)
cláir oiliúna, lena n-áirítear maidir leis an nuálaíocht theicneolaíoch;
(b)
malartuithe pearsanra agus scéimeanna iasachta foirne, lena n-áirítear foireann FIU a thabhairt ar iasacht ó Bhallstát chuig an Údarás;
(c)
malartuithe cleachtas idir FIUnna, lena n-áirítear saineolas i réimse sonrach a chomhroinnt;
(d)
uirlisí agus seirbhísí TF a fhorbairt nó a sholáthar chun acmhainneachtaí anailíse FIUnna a fheabhsú.
|
|
Airteagal 45 2.
|
Féadfaidh FIU iarraidh ar chúnamh a bhaineann le cúraimí FIU a chur faoi bhráid an Údaráis, ina sonrófar an cineál cúnaimh atá á lorg aige ó fhoireann an Údaráis, ó fhoireann FIU amháin nó níos mó ná sin, nó teaglaim díobh sin. Áiritheoidh FIU a iarrann cúnamh go dtabharfar rochtain ar aon fhaisnéis agus sonraí atá riachtanach chun an cúnamh sin a sholáthar. Déanfaidh an tÚdarás faisnéis a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta maidir le réimsí sonracha saineolais agus maidir le hacmhainneacht FIUnna cúnamh frithpháirteach a sholáthar a bhaineann le cúraimí FIUnna.
|
|
Airteagal 45 3.
|
Déanfaidh an tÚdarás gach iarracht an cúnamh arna iarraidh a sholáthar, lena n-áirítear trí bhreithniú a dhéanamh ar an tacaíocht atá le soláthar lena acmhainní daonna féin chomh maith le comhordú agus éascú a dhéanamh ar sholáthar aon chineál cúnaimh ag FIUnna eile ar bhonn deonach.
|
|
Airteagal 45 4.
|
Ag tús gach bliana, cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis an Bord Ginearálta ar an eolas i gcomhdhéanamh FIU faoi na hacmhainní daonna is féidir leis an Údarás a leithdháileadh ar sholáthar an chúnaimh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. I gcás ina dtarlaíonn athruithe ar infhaighteacht acmhainní daonna mar gheall ar chomhlíonadh na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5(5), cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU ar an eolas faoi sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|