+Airteagal 46
---+Airteagal 46 1.
---+Airteagal 46 2.
---+Airteagal 46 3.
---+Airteagal 46 4.
---+Airteagal 46 5.
---+Airteagal 46 6.
|
Airteagal 46
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 46 1.
|
Féadfaidh an tÚdarás réiteach a éascú i gcás easaontas idir dhá FIU nó níos mó ná sin maidir le cásanna aonair a bhaineann le comhar, lena n-áirítear malartú faisnéise, faoi Threoir (AE) 2024/1640. Is é is cuspóir don idirghabháil sin réiteach a dhéanamh idir dearcthaí éagsúla idir na FIUnna agus tuairim neamhcheangailteach a ghlacadh.
|
|
Airteagal 46 2.
|
I gcás nach féidir easaontas a réiteach trí theagmháil dhíreach agus idirphlé idir na FIUnna lena mbaineann, seolfaidh an tÚdarás nós imeachta idirghabhála arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na FIUnna sin. Féadfaidh an tÚdarás a mholadh freisin nós imeachta idirghabhála a sheoladh ar a thionscnamh féin. Ní dhéanfar idirghabháil ach amháin le comhaontú na FIUnna uile lena mbaineann.
|
|
Airteagal 46 3.
|
Seolfar an nós imeachta idirghabhála os comhair an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh FIU. Féachfaidh comhaltaí uile an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh FIU, seachas cinn na FIUnna a mbaineann an t-easaontas leo, le réiteach a fháil idir tuairimí na FIUnna a mbaineann an t-easaontas leo agus comhaontóidh siad tuairim neamhcheangailteach. I gcás inarb ábhartha, féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe ón gCoimisiún a bheith rannpháirteach sa nós imeachta idirghabhála i gcáil chomhairleach.
|
|
Airteagal 46 4.
|
Glacfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU rialacha nós imeachta le haghaidh nósanna imeachta idirghabhála, lena n-áirítear na spriocdhátaí is infheidhme.
|
|
Airteagal 46 5.
|
I gcás ina ndiúltaíonn FIU a mbaineann easaontas leis a bheith rannpháirteach sa nós imeachta idirghabhála, cuirfidh sé an tÚdarás agus na FIUnna eile a mbaineann an t-easaontas leo ar an eolas faoi na cúiseanna atá lena chinneadh laistigh den tréimhse a shonraítear sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear i mír 4.
|
|
Airteagal 46 6.
|
Laistigh de 3 mhí ó ghlacadh na tuairime neamhcheangailtí dá dtagraítear i mír 3, tuairisceoidh na FIUnna a mbaineann an t-easaontas leo don Bhord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU maidir leis na bearta a rinne siad mar fhreagairt ar an tuairim nó, i gcás nach ndearna siad bearta, maidir leis na cúiseanna nach ndearna siad amhlaidh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|