+Airteagal 47
---+Airteagal 47 1.
---+Airteagal 47 2.
---+Airteagal 47 3.
---+Airteagal 47 4.
---+Airteagal 47 5.
---+Airteagal 47 6.

Airteagal 47

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 47 1.
Áiritheoidh an tÚdarás go mbeidh óstáil FIU.net leormhaith, gan bhriseadh agus slán, agus déanfaidh sé bainistiú, cothabháil agus forbairt FIU.net a áirithiú. Agus riachtanais FIUnna á gcur san áireamh aige, áiritheoidh an tÚdarás go n-úsáidfear an teicneolaíocht is airde leibhéal agus is sláine atá ar fáil do FIU.net, faoi réir anailís costais is tairbhe.
Airteagal 47 2.
Áiritheoidh an tÚdarás feidhmiú gan bhriseadh FIU.net agus coimeádfaidh sé cothrom le dáta é. I gcás inar gá chun tacú le malartú faisnéise agus comhar idir FIUnna nó chun an malartú sin a neartú agus bunaithe ar riachtanais FIUnna, déanfaidh an tÚdarás feidhmiúlachtaí uasghrádaithe nó breise FIU.net a dhearadh agus a chur chun feidhme, nó a chur ar fáil ar shlí eile.
Airteagal 47 3.

Beidh an tÚdarás freagrach freisin as na cúraimí seo a leanas a bhaineann le FIU.net:

(a) 

bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun leibhéal slándála a áirithiú a chosnaíonn sonraí pearsanta;

(b) 

aon ghníomhaíochtaí tástála a phleanáil, a chomhordú, a bhainistiú agus tacú leo;

(c) 

acmhainní airgeadais leordhóthanacha a áirithiú;

(d) 

oiliúint a chur ar fáil maidir le húsáid theicniúil FIU.net ag úsáideoirí deiridh.

Airteagal 47 4.
Chun na cúraimí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 a chomhlíonadh, tabharfar an chumhacht don Údarás conarthaí nó comhaontuithe atá ceangailteach ó thaobh dlí de a thabhairt i gcrích nó a dhéanamh le soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, tar éis iniúchtaí iomchuí a dhéanamh ar a gcaighdeáin slándála.
Airteagal 47 5.
Déanfaidh an tÚdarás na bearta is gá a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun na cúraimí dá dtagraítear san Airteagal seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste le haghaidh FIU.net.
Airteagal 47 6.
Féadfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU, ag gníomhú dó d’aon toil, a chinneadh an rochtain atá ag FIU, ag a chontrapháirtí i dtríú tír, nó ag comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, ar FIU.net a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil forais aige chun a chreidiúint go gcuirfeadh an rochtain sin cur chun feidhme Chaibidil III de Threoir (AE) 2024/1640 agus slándáil agus rúndacht na faisnéise atá i seilbh FIUnna agus a mhalartaítear tríd an gcóras FIU.net i mbaol, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil ábhair imní ann maidir le heaspa neamhspleáchais agus uathrialach FIU.

I gcás ina nglacfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU cinneadh lena gcuirtear rochtain FIU ar FIU.net ar fionraí, gníomhóidh an Bord Ginearálta d’aon toil trí vóta chomhaltaí uile an Bhoird Ghinearálta i gcomhdhéanamh FIU, seachas ceann FIU i dtrácht.

Saineoidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU na critéir maidir le rochtain ar FIU.net a chur ar fionraí agus glacfaidh sé rialacha nós imeachta le haghaidh fionraí den sórt sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.