Tiocfaidh na treoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás in ionad na dtreoirlínte agus na moltaí a d’eisigh ÚBE nó maoirseoirí agus FIUnna roimhe sin maidir leis an ábhar céanna. Ar choinníoll go bhfuil siad fós ábhartha, leanfaidh na treoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag ÚBE nó ag maoirseoirí agus FIUnna de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
14
) agus Rialachán (AE) 2023/1113 de bheith infheidhme go dtí go mbeidh feidhm ag na treoirlínte agus na moltaí nua arna n-eisiúint ag an Údarás ar an ábhar céanna. Déanfaidh an tÚdarás foráil d’idirthréimhse oiriúnach chun na treoirlínte agus na moltaí nua a chur i bhfeidhm.