+Airteagal 54
---+Airteagal 54 1.
---+Airteagal 54 2.
---+Airteagal 54 3.
---+Airteagal 54 4.
---+Airteagal 54 5.

Airteagal 54

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 54 1.
D’fhonn cleachtais mhaoirseachta agus cleachtais a bhaineann le FIU atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú, agus chun cur i bhfeidhm coiteann, aonfhoirmeach agus comhsheasmhach dhlí an Aontais a áirithiú, déanfaidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí a eisiúint a bheidh dírithe ar údaráis mhaoirseachta, maoirseoirí, FIUnna, nó eintitis faoi oibleagáid.
Airteagal 54 2.
I gcás inarb iomchuí, seolfaidh an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na treoirlínte agus na moltaí sin agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo. Beidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin comhréireach le raon feidhme, cineál agus tionchar na dtreoirlínte nó na moltaí. I gcás nach seolann an tÚdarás comhairliúcháin oscailte phoiblí, soláthróidh an tÚdarás na cúiseanna atá aige agus poibleoidh sé iad.
Airteagal 54 3.
Déanfaidh údaráis mhaoirseachta, maoirseoirí, FIUnna agus eintitis faoi oibleagáid gach iarracht na treoirlínte agus na moltaí sin a chomhlíonadh.

Laistigh de 2 mhí tar éis treoirlíne nó moladh a eisiúint, dearbhóidh gach údarás maoirseachta, maoirseoir nó FIU an gcomhlíonann sé an treoirlíne nó an moladh sin nó an bhfuil sé ar intinn aige an treoirlíne nó an moladh sin a chomhlíonadh. I gcás nach gcomhlíonann údarás maoirseachta, maoirseoir nó FIU an méid sin nó nach bhfuil sé ar intinn aige an méid sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé é sin in iúl don Údarás agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige.

Foilseoidh an tÚdarás an fíoras nach gcomhlíonann údarás maoirseachta, maoirseoir nó FIU an treoirlíne nó an moladh sin nó nach bhfuil sé ar intinn aige iad a chomhlíonadh. Féadfaidh an tÚdarás a chinneadh freisin, ar bhonn cás ar chás, na cúiseanna a thugann an t-údarás maoirseachta, an maoirseoir nó FIU nach gcomhlíonann siad an treoirlíne nó an moladh sin a fhoilsiú. Gheobhaidh an t-údarás maoirseachta, an maoirseoir nó FIU réamhfhógra faoin bhfoilsiú sin.

Má cheanglaítear sin leis an treoirlíne nó leis an moladh sin, tuairisceoidh eintitis faoi oibleagáid, ar bhealach soiléir agus mionsonraithe, i dtaobh an gcomhlíonann siad an treoirlíne nó an moladh sin.

Airteagal 54 4.
Sa tuairisc dá dtagraítear in Airteagal 64(4), pointe (c), liostóidh an tÚdarás na treoirlínte agus na moltaí a d’eisigh sé.
Airteagal 54 5.
Tiocfaidh na treoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás in ionad na dtreoirlínte agus na moltaí a d’eisigh ÚBE nó maoirseoirí agus FIUnna roimhe sin maidir leis an ábhar céanna. Ar choinníoll go bhfuil siad fós ábhartha, leanfaidh na treoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag ÚBE nó ag maoirseoirí agus FIUnna de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ) agus Rialachán (AE) 2023/1113 de bheith infheidhme go dtí go mbeidh feidhm ag na treoirlínte agus na moltaí nua arna n-eisiúint ag an Údarás ar an ábhar céanna. Déanfaidh an tÚdarás foráil d’idirthréimhse oiriúnach chun na treoirlínte agus na moltaí nua a chur i bhfeidhm.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.