+Airteagal 60
---+Airteagal 60 1.
---+Airteagal 60 2.
---+Airteagal 60 3.
---+Airteagal 60 4.
---+Airteagal 60 5.
---+Airteagal 60 6.
---+Airteagal 60 7.
---+Airteagal 60 8.

Airteagal 60

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 60 1.
Déanfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta na cinntí a bhaineann leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 7 go 10 chomh maith le haon chinneadh eile a ghlacfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta de bhun an Rialacháin seo.
Airteagal 60 2.
Féadfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta a thuairim a thabhairt maidir le haon dréachtchinneadh arna ullmhú ag an mBord Feidhmiúcháin i ndáil le heintitis roghnaithe faoi oibleagáid, i gcomhréir le Caibidil II, Roinn 3, agus Airteagal 64(2).

Déanfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta agus an Bord Feidhmiúcháin na nósanna imeachta agus na hamlínte a bheidh le leanúint a chomhaontú go comhpháirteach agus glacfaidh siad na nósanna imeachta agus na hamlínte a bheidh le leanúint chun an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thabhairt.

Airteagal 60 3.
Déanfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU na cúraimí agus glacfaidh sé na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus i gCaibidil II, Roinn 6.
Airteagal 60 4.
Glacfaidh an Bord Ginearálta tuairimí, moltaí, treoirlínte agus cinntí an Údaráis dá dtagraítear i gCaibidil II, Roinn 7, sa chomhdhéanamh iomchuí, ag féachaint d’ábhar na hionstraime. I gcás ina mbaineann ionstraim ar leith le hábhair a bhaineann le maoirseacht agus le hábhair a bhaineann le FIU araon, déanfaidh an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta agus an Bord Ginearálta i gcomhdhéanamh FIU araon na tuairimí, na moltaí, na treoirlínte agus na cinntí sin a ghlacadh ar leithligh. Glacfar na tuairimí, na moltaí agus na treoirlínte bunaithe ar thogra ón gcoiste inmheánach ábhartha.
Airteagal 60 5.
Vótálfaidh an Bord Ginearálta ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 49 agus ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 53 agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad lena nglacadh, sa chomhdhéanamh iomchuí, ag féachaint d’ábhar na gcaighdeán.
Airteagal 60 6.
Rachfar i gcomhairle leis an mBord Ginearálta i gceachtar den dá chomhdhéanamh faoi na dréachtchinntí atá le glacadh ag an mBord Feidhmiúcháin de bhun Airteagal 64(4), pointí (a), (c), (e) agus (m). I gcás ina ndiallann an cinneadh a ghlacann an Bord Feidhmiúcháin ina dhiaidh sin ó thuairim an Bhoird Ghinearálta, cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin na cúiseanna atá leis sin ar fáil i scríbhinn.
Airteagal 60 7.
Glacfaidh an Bord Ginearálta a rialacha nós imeachta agus poibleoidh sé iad.
Airteagal 60 8.
Gan dochar d’Airteagal 63(3) agus (4) agus d’Airteagal 68(1) agus (2), feidhmeoidh an Bord Ginearálta na cumhachtaí a thugtar leis na Rialacháin Foirne ar an údarás ceapacháin agus leis na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile ar an údarás a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta a thabhairt chun críche (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’) maidir le Cathaoirleach an Údaráis agus cúigear comhaltaí lánaimseartha an Bhoird Feidhmiúcháin, le linn a sainordaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.