|
+Airteagal 63 4. |
Airteagal 63 4.Roghnófar comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais, sláine, agus seasamh agus taithí aitheanta i réimse AML/CFT, agus ar bhonn cáilíochtaí ábhartha eile, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ullmhóidh an Coimisiún gearrliosta iarrthóirí do phost chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). Féadfaidh Parlaimint na hEorpa éisteachtaí na n-iarrthóirí atá ar an ngearrliosta sin a stiúradh. Cuirfidh an Bord Ginearálta togra maidir le ceapadh chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, bunaithe ar an ngearrliosta atá ullmhaithe ag an gCoimisiún. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra sin a fhormheas, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme chun comhaltaí sin an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe. Le linn an phróisis ceapacháin, cuirfear prionsabail na cothromaíochta inscne agus geografaí san áireamh a mhéid is féidir. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|