+Airteagal 63
---+Airteagal 63 1.
---+Airteagal 63 2.
---+Airteagal 63 3.
---+Airteagal 63 4.
---+Airteagal 63 5.
---+Airteagal 63 6.
---+Airteagal 63 7.
---+Airteagal 63 8.
|
Airteagal 63
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 63 1.
|
Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta díobh seo a leanas:
(a)
Cathaoirleach an Údaráis;
(b)
an cúigear comhaltaí lánaimseartha, lena n-áirítear an Leas-Chathaoirleach.
I gcás ina ndéanann an Bord Feidhmiúcháin na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 64(4), pointí (a) go (l), beidh ionadaí ón gCoimisiún i dteideal a bheith rannpháirteach sna díospóireachtaí agus ní bheidh rochtain aige ach ar na doiciméid a bhaineann leis na cúraimí sin.
|
|
Airteagal 63 2.
|
Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh ceart vótála aige.
|
|
Airteagal 63 3.
|
I gcás ina ndéantar plé ar na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 64(2) i ndáil le heintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, féadfaidh an comhalta den Bhord Ginearálta i gcomhdhéanamh maoirseachta ón mBallstát ina bhfuil an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid lena mbaineann bunaithe a bheith rannpháirteach sna pléití le linn chruinnithe ábhartha an Bhoird Feidhmiúcháin. Ní bheidh an comhalta sin den Bhord Ginearálta i láthair le linn na vótála tar éis na bpléití sin.
|
|
Airteagal 63 4.
|
Roghnófar comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais, sláine, agus seasamh agus taithí aitheanta i réimse AML/CFT, agus ar bhonn cáilíochtaí ábhartha eile, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ullmhóidh an Coimisiún gearrliosta iarrthóirí do phost chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). Féadfaidh Parlaimint na hEorpa éisteachtaí na n-iarrthóirí atá ar an ngearrliosta sin a stiúradh. Cuirfidh an Bord Ginearálta togra maidir le ceapadh chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, bunaithe ar an ngearrliosta atá ullmhaithe ag an gCoimisiún. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra sin a fhormheas, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme chun comhaltaí sin an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe. Le linn an phróisis ceapacháin, cuirfear prionsabail na cothromaíochta inscne agus geografaí san áireamh a mhéid is féidir.
|
|
Airteagal 63 5.
|
4 bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). Le linn an 12 mhí roimh dheireadh a dtéarma oifige 4 bliana, déanfaidh an Bord Ginearálta sa dá chomhdhéanamh nó coiste níos lú a roghnófar as measc chomhaltaí an Bhoird Ghinearálta, lena n-áirítear ionadaí ón gCoimisiún, measúnú ar na comhaltaí sin den Bhord Feidhmiúcháin. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú meastóireacht ar fheidhmíocht gach comhalta den Bhord Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin an Údaráis sa todhchaí. Bunaithe ar an measúnú, féadfaidh an Bord Ginearálta sa dá chomhdhéanamh a mholadh do Pharlaimint na hEorpa síneadh a chur lena dtéarma oifige. Ní fhéadfar síneadh den sórt sin a dheonú ach aon uair amháin. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra ón mBord Ginearálta a fhormheas, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme chun síneadh a chur le téarma oifige chomhalta nó chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin lena mbaineann. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.
|
|
Airteagal 63 6.
|
Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ná ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile. Urramóidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, rialtais na mBallstát agus gach comhlacht poiblí nó príobháideach eile an neamhspleáchas sin.
|
|
Airteagal 63 7.
|
Más rud é nach gcomhlíonann comhalta an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a thuilleadh na coinníollacha a cheanglaítear chun dualgais an chomhalta sin a fheidhmiú nó má bhí sé nó sí ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar a tionscnamh féin nó tar éis togra ó Pharlaimint na hEorpa nó ón mBord Ginearálta i gceachtar comhdhéanamh, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh chun an comhalta sin den Bhord Feidhmiúcháin a chur as oifig. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.
|
|
Airteagal 63 8.
|
Le linn tréimhse 18 mí tar éis dóibh scor d’oifig a shealbhú, toirmeascfar ar iarchomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, lena n-áirítear Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Údaráis, gabháil do ghníomhaíocht ghairme shochrach leis an méid seo a leanas:
(a)
eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid;
(b)
aon eintiteas eile, i gcás ina mbeadh coinbhleacht le leasanna dlisteanacha an Údaráis a bheith mar thoradh air sin nó ina bhféadfadh coinbhleacht le leasanna dlisteanacha an Údaráis a bheith mar thoradh air sin.
Ina rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i leith a chomhaltaí, dá dtagraítear in Airteagal 64(4), pointe (e), sonróidh an Bord Feidhmiúcháin na himthosca faoina bhfuil coinbhleacht leasa den sórt sin ann nó faoina bhféadfaí a mheas gur ann do choinbhleacht leasa den sórt sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|