|
+Airteagal 68 1. |
Airteagal 68 1.Roghnófar Cathaoirleach an Údaráis ar bhonn tuillteanais, scileanna, eolais, sláine, seasaimh agus taithí aitheanta i réimse AML/CFT agus cáilíochtaí ábhartha eile, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Coinneofar Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Bord Ginearálta ar an eolas go cuí ag gach céim den nós imeachta sin go tráthúil. Ullmhóidh an Coimisiún gearrliosta de bheirt iarrthóirí cháilithe ar a laghad do phost Chathaoirleach an Údaráis. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Bord Ginearálta éisteachtaí na n-iarrthóirí ar an ngearrliosta sin a stiúradh. Féadfaidh an Bord Ginearálta tuairim phoiblí a eisiúint maidir le torthaí a éisteachtaí, nó a thuairim a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún moladh maidir le ceapadh Chathaoirleach an Údaráis faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa an togra sin a fhormheas, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme chun Cathaoirleach an Údaráis a cheapadh. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe. De mhaolú ar an dara fomhír, déanfaidh an Coimisiún, i ndáil leis an gcéad Chathaoirleach ar an Údarás a cheapadh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún togra le haghaidh cheapachán an Chathaoirligh gan an Bord Ginearálta a bheith rannpháirteach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|