+Airteagal 70
---+Airteagal 70 1.
---+Airteagal 70 2.
---+Airteagal 70 3.
---+Airteagal 70 4.
---+Airteagal 70 5.
---+Airteagal 70 6.

Airteagal 70

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 70 1.
Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach ag an Údarás faoi Airteagal 2, pointe (a), de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.
Airteagal 70 2.
Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhualgais nó a dualgais a fheidhmiú chun leasa an Aontais, agus go neamhspleách ar aon leas sonrach.
Airteagal 70 3.
Bainisteoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tÚdarás. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Feidhmiúcháin. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin agus an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid nó a cuid dualgas agus ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh sé nó sí treoracha ó aon institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ná ó aon rialtas ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile.
Airteagal 70 4.
Roghnófar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar fhorais tuillteanais agus scileanna ardleibhéil doiciméadaithe riaracháin, buiséadacha agus bainistíochta, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus, de réir mar is iomchuí, ar shuíomhanna eile preasa agus idirlín. Ullmhóidh an Coimisiún gearrliosta ina mbeidh ar a laghad beirt iarrthóirí atá cáilithe don phost mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Is é an Bord Feidhmiúcháin a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Airteagal 70 5.
5 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Le linn na 9 mí roimh dheireadh théarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin measúnú ina gcuirtear i gcuntas meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin an Údaráis amach anseo. Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin, agus an mheastóireacht á cur i gcuntas aige, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin.

Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ar mholadh ón gCoimisiún.

Airteagal 70 6.
Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar cuireadh síneadh lena théarma oifige nó lena téarma oifige, páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh an téarma oifige ar cuireadh síneadh leis.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.