+Airteagal 71
---+Airteagal 71 1.
---+Airteagal 71 2.
---+Airteagal 71 3.

Airteagal 71

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 71 1.

Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as bainistiú laethúil an Údaráis, agus is é a bheidh d’aidhm aige nó aici cothromaíocht inscne, agus, a mhéid is féidir, cothromaíocht gheografach, a áirithiú laistigh den Údarás. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

(a) 

cinntí arna nglacadh ag an mBord Feidhmiúcháin a chur chun feidhme;

(b) 

an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(c) 

an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Feidhmiúcháin maidir lena chur chun feidhme;

(d) 

an dréacht-tuairisc bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena measúnú agus lena glacadh;

(e) 

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí tuairiscí iniúchóireachta inmheánaí nó seachtraí agus meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha mar aon le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF, agus tuairisc thráthrialta a thabhairt don Choimisiún, don Bhord Ginearálta agus don Bhord Feidhmiúcháin maidir leis an dul chun cinn;

(f) 

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile, gan dochar don inniúlacht imscrúdaitheach atá ag OLAF, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, más rud é go mbraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur;

(g) 

straitéis frithchalaoise a ullmhú le haghaidh an Údaráis agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena formheas;

(h) 

dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Údarás a ullmhú;

(i) 

dréachtráiteas an Údaráis ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas a ullmhú, mar chuid den dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair de bhun Airteagal 78 agus a bhuiséad a chur chun feidhme de bhun Airteagal 79;

(j) 

straitéis slándála TF a ullmhú agus a chur chun feidhme, lena n-áirithítear bainistíocht riosca iomchuí don bhonneagar, córais agus seirbhísí TF uile, a fhorbraíonn nó a sholáthraíonn an tÚdarás chomh maith le cistiú slándála TF leordhóthanach;

(k) 

clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi rialú an Bhoird Feidhmiúcháin;

(l) 

dréacht-tuairisc a ullmhú ina dtugtar tuairisc ar gach gníomhaíocht de chuid an Údaráis, ina mbeidh roinn maidir le cúrsaí airgeadais agus riaracháin.

Airteagal 71 2.
Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin bearta eile is gá, go háirithe treoracha riaracháin inmheánacha a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun feidhmiú an Údaráis a áirithiú, i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 71 3.
Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an gá ball foirne amháin nó níos mó a bheith lonnaithe i mBallstát eile amháin nó níos mó chun cúraimí an Údaráis a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil éifeachtach. Sula gcinnfidh sé oifig áitiúil a bhunú, gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin toiliú roimh ré ón gCoimisiún, ón mBord Feidhmiúcháin agus ó aon Bhallstát lena mbaineann. Sonrófar sa chinneadh raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bheidh le déanamh san oifig áitiúil ar bhealach lena seachnófar costais nach bhfuil aon ghá leo agus dúbailt fheidhmeanna riaracháin an Údaráis. Déanfar comhaontú leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann a thabhairt i gcrích dá réir sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.