+Airteagal 74
---+Airteagal 74 1.
---+Airteagal 74 2.
---+Airteagal 74 3.
---+Airteagal 74 4.
---+Airteagal 74 5.
---+Airteagal 74 6.

Airteagal 74

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 74 1.
Féadfaidh aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach chuig a ndírítear an cinneadh, nó lena mbaineann an cinneadh go díreach agus go leithleach, iarraidh ar athbhreithniú a thabhairt os comhair an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin i gcoinne cinntí a dhéanann an tÚdarás de bhun Airteagal 6(1), agus Airteagail 21, 22, 23 agus 77.
Airteagal 74 2.
Déanfar aon iarraidh ar athbhreithniú i scríbhinn, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis, agus cuirfear faoi bhráid an Údaráis é laistigh de mhí amháin ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh don duine a iarrann an t-athbhreithniú, nó ina éagmais sin, ón lá a cuireadh in iúl don duine a d’iarr an t-athbhreithniú é.
Airteagal 74 3.
Tar éis rialú maidir le hinghlacthacht na hiarrata ar athbhreithniú, tabharfaidh an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin tuairim laistigh de thréimhse arb iomchuí do phráinne an cháis é agus in aon chás faoi thráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis an iarraidh a fháil agus an cás chun cinneadh nua a ullmhú a tharchur chuig an mBord Feidhmiúcháin. Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin i gcuntas tuairim an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin, agus glacfaidh sé cinneadh nua go pras. Leis an gcinneadh nua déanfar an cinneadh tosaigh a aisghairm agus cinneadh a bhfuil ábhar comhionann ann nó cinneadh leasaithe a chur ina ionad.
Airteagal 74 4.
Féadfar iarraidh ar chur i bhfeidhm an chinnidh atá faoi réir imeachtaí athbhreithniúcháin a chur ar fionraí a áireamh in iarraidh ar athbhreithniú de bhun mhír 2. Féadfaidh an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin, má mheasann sé go n-éilítear sin leis na himthosca, agus tuairim an Bhoird Feidhmiúcháin á cur i gcuntas, a ordú go ndéanfar cur i bhfeidhm an chinnidh i dtrácht a chur ar fionraí go dtí go nglacfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinneadh nua de bhun mhír 3. Mura ndéanfaidh an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin cinneadh maidir leis an iarraidh ar fhionraí laistigh de 14 lá, measfar an iarraidh sin a bheith diúltaithe.
Airteagal 74 5.
An tuairim a thugann an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin, agus an cinneadh nua a ghlacann an Bord Feidhmiúcháin de bhun an Airteagail seo, beidh siad réasúnaithe agus tabharfar fógra do na páirtithe fúthu.
Airteagal 74 6.
Glacfaidh an tÚdarás cinneadh lena mbunófar rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.