+Airteagal 75
---+Airteagal 75 1.
---+Airteagal 75 2.
---+Airteagal 75 3.
---+Airteagal 75 4.

Airteagal 75

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 75 1.
Ní ghlacfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin páirt in aon imeachtaí athbhreithniúcháin má tá aon leas pearsanta acu sna himeachtaí, má bhí baint acu cheana mar ionadaithe do dhuine de na páirtithe sna himeachtaí, nó má bhí siad rannpháirteach i nglacadh an chinnidh atá faoi athbhreithniú.
Airteagal 75 2.
Má tharlaíonn sé, ar cheann de na cúiseanna a liostaítear i mír 1 nó ar aon chúis eile, go mbreithníonn comhalta den Bhord Riaracháin Athbhreithniúcháin nár cheart dó nó di páirt a ghlacadh in imeacht athbhreithniúcháin, cuirfidh sé nó sí an méid sin in iúl don Bhord Riaracháin Athbhreithniúcháin dá réir sin.
Airteagal 75 3.
Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí athbhreithniúcháin agóid a dhéanamh in aghaidh aon chomhalta den Bhord Riaracháin Athbhreithniúcháin ar aon cheann de na forais a liostaítear i mír 1, nó má tá amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta. Ní bheidh aon agóid den sórt sin inghlactha i gcás ina ndéanfaidh páirtí sna himeachtaí athbhreithniúcháin céim nós imeachta a ghlacadh, agus é ar an eolas faoi fhoras le hagóid a dhéanamh. Ní cheadófar aon agóid a dhéanamh ar bhonn náisiúntacht na gcomhaltaí.
Airteagal 75 4.
Cinnfidh an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin an gníomh a dhéanfar sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 gan an comhalta lena mbaineann a bheith rannpháirteach. Chun an cinneadh sin a dhéanamh, cuirfear comhalta malartach an chomhalta lena mbaineann in ionad an chomhalta sin ar an mBord Riaracháin Athbhreithniúcháin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.