+Airteagal 77
---+Airteagal 77 1.
---+Airteagal 77 2.
---+Airteagal 77 3.
---+Airteagal 77 4.
---+Airteagal 77 5.
---+Airteagal 77 6.

Airteagal 77

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 77 1.
Toibheoidh an tÚdarás táille mhaoirseachta bhliantúil ar gach eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 13 agus ar eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 12(1). Cumhdófar leis na táillí caiteachas a thabhaigh an tÚdarás i ndáil leis na cúraimí a ghabhann leis an maoirseacht agus dá dtagraítear i gCaibidil II, Ranna 3 agus 4. Ní bheidh na táillí sin níos mó ná an caiteachas a ghabhann leis na cúraimí sin. I gcás nach dtugtar lánurraim do na critéir sin in aon bhliain faoi leith, déanfar na coigeartuithe is gá nuair a bheidh na táillí don dá bhliain ina dhiaidh sin á ríomh.
Airteagal 77 2.
Déanfar méid na táille le tobhach ar gach eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 a ríomh i gcomhréir leis na socruithe atá bunaithe sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 6.
Airteagal 77 3.
Déanfar na táillí a ríomh ar an leibhéal comhdhlúthaithe is airde san Aontas i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme.
Airteagal 77 4.
An caiteachas i ndáil leis an maoirseacht dhíreach agus indíreach ar na heintitis roghnaithe agus neamhroghnaithe faoi oibleagáid atá faoi réir táillí sa bhliain sin, feidhmeoidh an caiteachas sin mar an bunús do ríomh na táille maoirseachta bliantúla d’aon bhliain féilire ar leith. Féadfaidh an tÚdarás réamhíocaíochtaí a éileamh i ndáil leis an táille mhaoirseachta bhliantúil, a bheidh bunaithe ar mheastachán réasúnach. Tabharfaidh an tÚdarás fógra don mhaoirseoir airgeadais ábhartha sula ndéanfar cinneadh maidir leis an leibhéal táille deiridh ionas go bhfanfaidh an mhaoirseacht costéifeachtach agus réasúnta do gach eintiteas faoi oibleagáid san earnáil airgeadais. Cuirfidh an tÚdarás an bunús do ríomh na táille maoirseachta bliantúla in iúl do na heintitis faoi oibleagáid lena mbaineann. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an oibleagáid chun na táillí a shonraítear san Airteagal seo in-fhorghníomhaithe faoin dlí náisiúnta, agus go n-íocfar na táillí dlite ina n-iomláine.
Airteagal 77 5.
Tá an tAirteagal seo gan dochar do cheart na maoirseoirí airgeadais táillí a thobhach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a mhéid nár tugadh cúraimí maoirseachta don Údarás, nó i dtaca le costais a bhaineann leis an gcomhar agus an cúnamh leis an Údarás agus le gníomhú ar a threoracha, i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais.
Airteagal 77 6.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 100 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh ach an mhodheolaíocht a shonrú do ríomh mhéid na táille a thoibhítear ar gach eintiteas roghnaithe agus neamhroghnaithe faoi oibleagáid atá faoi réir táillí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, agus an nós imeachta a shonrú do bhailiú na dtáillí sin. Agus an mhodheolaíocht á forbairt chun méid aonair na dtáillí a chinneadh, cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas i gcuntas:

(a) 

láimhdeachas iomlán bliantúil nó cineál comhfhreagrach ioncaim na n-eintiteas faoi oibleagáid ar an leibhéal comhdhlúthaithe is airde san Aontas i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme;

(b) 

i dtaobh ar cháiligh an t-eintiteas faoi oibleagáid le haghaidh maoirseacht dhíreach;

(c) 

aicmiú maidir le próifíl riosca ML/TF na n-eintiteas faoi oibleagáid i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 12(7), pointe (b);

(d) 

tábhacht an eintitis faoi oibleagáid do chobhsaíocht chóras airgeadais nó do gheilleagar Ballstáit amháin nó níos mó nó an Aontais;

(e) 

nach rachaidh méid na táille atá le bailiú ó eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid i gcomhréir lena n-ioncam nó lena láimhdeachas dá dtagraítear i bpointe (a) thar 20 % de mhéid na táille atá le bailiú ó eintitis roghnaithe faoi oibleagáid ag a bhfuil an leibhéal céanna ioncaim nó láimhdeachais.

Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 1 Eanáir 2027.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.