Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí ar chuntais shealadacha an Údaráis de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
15
) a fháil dó, tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin tuairim faoi chuntais chríochnaitheacha an Údaráis.
Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar a barúlacha siúd faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N+1. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin ar aghaidh chuig an mBord Feidhmiúcháin freisin.