+Airteagal 80
---+Airteagal 80 1.
---+Airteagal 80 2.
---+Airteagal 80 3.
---+Airteagal 80 4.
---+Airteagal 80 5.
---+Airteagal 80 6.
---+Airteagal 80 7.
---+Airteagal 80 8.
|
Airteagal 80
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 80 1.
|
Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn (bliain N+1).
|
|
Airteagal 80 2.
|
Faoin 31 Márta de bhliain N+1, cuirfidh an tÚdarás an tuairisc bhliantúil faoina bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.
|
|
Airteagal 80 3.
|
Faoin 31 Marta de bhliain N+1, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha an Údaráis, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí.
|
|
Airteagal 80 4.
|
Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí ar chuntais shealadacha an Údaráis de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
15
) a fháil dó, tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin tuairim faoi chuntais chríochnaitheacha an Údaráis. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar a barúlacha siúd faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N+1. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin ar aghaidh chuig an mBord Feidhmiúcháin freisin.
|
|
Airteagal 80 5.
|
Faoin 1 Iúil de bhliain N+1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais chríochnaitheacha, in éineacht le tuairim an Bhoird Feidhmiúcháin, a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.
|
|
Airteagal 80 6.
|
Faoin 15 Samhain de bhliain N+1, foilseofar nasc in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chuig leathanaigh an tsuímh gréasáin ina bhfuil cuntais chríochnaitheacha an Údaráis.
|
|
Airteagal 80 7.
|
Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht i gcomhréir le hAirteagal 261(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
|
|
Airteagal 80 8.
|
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N+2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|