+Airteagal 84
---+Airteagal 84 1.
---+Airteagal 84 2.
---+Airteagal 84 3.
---+Airteagal 84 4.
---+Airteagal 84 5.
---+Airteagal 84 6.
---+Airteagal 84 7.

Airteagal 84

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 84 1.
Beidh an tÚdarás cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 84 2.
Cuirfidh an tÚdarás tuairisc ar chur i gcrích na gcúraimí a thugtar dó faoin Rialachán seo, lena n-áirítear faisnéis faoin athrú atá beartaithe a chur ar struchtúr agus ar mhéid na dtáillí maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 77, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin ar bhonn bliantúil. Maidir leis na treoirlínte agus na moltaí a d’eisigh an tÚdarás i gcomhréir le hAirteagal 54, beidh sa tuairisc faisnéis maidir le comhlíonadh na dtreoirlínte agus na moltaí a eisíodh le linn na bliana a chumhdaítear leis an tuairisc chomh maith le haon nuashonruithe ábhartha ar chomhlíonadh na dtreoirlínte agus na moltaí a eisíodh roimhe sin. Poibleofar an tuairisc agus áireofar inti aon fhaisnéis ábhartha eile a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa ar bhonn ad hoc. Cuirfidh Cathaoirleach an Údaráis an tuairisc sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa go poiblí.
Airteagal 84 3.
Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh Cathaoirleach an Údaráis páirt in éisteacht maidir le feidhmiú a chúraimí ag coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa. Tionólfar éisteacht ar a laghad uair sa bhliain. Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh Cathaoirleach an Údaráis ráiteas os comhair choistí ábhartha Pharlaimint na hEorpa agus freagróidh sé nó sí aon cheist óna gcomhaltaí, aon uair a iarrfar sin air nó uirthi.
Airteagal 84 4.
Laistigh de 6 seachtaine ó gach cruinniú den Bhord Ginearálta, cuirfidh an tÚdarás ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, ar a laghad, taifead cuimsitheach suntasach d’imeachtaí an chruinnithe sin, taifead trínar féidir tuiscint a fháil ar na pléití a rinneadh laistigh den chruinniú sin, lena n-áirítear liosta anótáilte de na cinntí. Ní léireofar sa taifead sin pléití laistigh den Bhord Ginearálta a bhaineann le heintitis aonair faoi oibleagáid nó pléití a bhaineann le sonraí maoirseachta rúnda nó sonraí a bhaineann le FIU, mura bhforáiltear a mhalairt sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Airteagal 84 5.
Tabharfaidh an tÚdarás freagra ó bhéal nó freagra i scríbhinn ar aon cheisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de 5 seachtaine tar éis an cheist a fháil.
Airteagal 84 6.
Arna iarraidh sin, tionólfaidh Cathaoirleach an Údaráis pléití rúnda ó bhéal i seomra iata le coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa, i gcás inar gá na pléití sin chun cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa faoi na Conarthaí a fheidhmiú. Urramóidh gach rannpháirtí na ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil.
Airteagal 84 7.
Agus Parlaimint na hEorpa á cur ar an eolas faoi ábhair a bhaineann le rannchuidiú na nÚdarás le gníomhaíocht an Aontais i bhfóraim idirnáisiúnta, ní nochtfaidh an tÚdarás aon fhaisnéis a fuair sé le linn an cúram sin a chomhlíonadh i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin faoi réir ceanglais rúndachta arna bhforchur ag tríú páirtithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.