+Airteagal 88
---+Airteagal 88 1.
---+Airteagal 88 2.
---+Airteagal 88 3.
---+Airteagal 88 3a.
---+Airteagal 88 4.
---+Airteagal 88 5.
|
Airteagal 88
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 88 1.
|
Beidh comhaltaí an Bhoird Ghinearálta agus an Bhoird Feidhmiúcháin, agus baill foirne uile an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, chomh maith le gach duine eile ag a bhfuil cúraimí á ndéanamh don Údarás ar bhonn conarthach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus Airteagal 67 de Threoir (AE) 2024/1640, lena n-áirítear tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.
|
|
Airteagal 88 2.
|
Áiritheoidh an Bord Feidhmiúcháin go mbeidh gach duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go hindíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Feidhmiúcháin nó ceaptha ag na húdaráis phoiblí agus FIUnna chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin dá bhforáiltear i mír 1.
|
|
Airteagal 88 3.
|
Chun na cúraimí arna dtabhairt dó leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, údarófar an tÚdarás, laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha a leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), faisnéis a mhalartú le húdaráis agus comhlachtaí de chuid an Aontais nó le húdaráis agus comhlachtaí náisiúnta sna cásanna ina gceadaíonn na gníomhartha sin do mhaoirseoirí airgeadais faisnéis a nochtadh do na heintitis sin nó i gcás inar féidir leis na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an nochtadh sin faoi dhlí an Aontais is infheidhme.
|
|
Airteagal 88 3a.
|
Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile, mar a shainmhínítear in Airteagal 92a(12).
|
|
Airteagal 88 4.
|
Déanfaidh an tÚdarás na socruithe praiticiúla maidir le cur chun feidhme na rialacha rúndachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.
|
|
Airteagal 88 5.
|
Cuirfidh an tÚdarás Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (
18
) i bhfeidhm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|