Glacfaidh an tÚdarás a rialacha slándála féin a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (
19
) agus (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún. Cuimseoidh rialacha slándála an Údaráis, inter alia, forálacha chun an fhaisnéis sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin rialacha slándála an Údaráis tar éis don Choimisiún iad a fhormheas.