+Airteagal 92
---+Airteagal 92 1.
---+Airteagal 92 2.
---+Airteagal 92 3.
---+Airteagal 92 4.
|
Airteagal 92
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 92 1.
|
Oibreoidh an tÚdarás i gcomhar, agus malartóidh sé faisnéis, le húdaráis neamh-AML/CFT agus, ar bhonn riachtanais eolais agus ar bhonn rúndachta, le húdaráis agus le comhlachtaí náisiúnta eile atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfar Treoracha 2009/110/CE, 2009/138/CE, 2014/17/AE, 2014/65/AE agus (AE) 2015/2366, agus leis na ÚMEnna, laistigh de theorainneacha a sainorduithe faoi seach.
|
|
Airteagal 92 2.
|
Tabharfaidh an tÚdarás meabhrán tuisceana i gcrích leis na húdaráis stuamachta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (40), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, leis na ÚMEnna agus leis na húdaráis náisiúnta eile atá inniúil chun comhlíonadh Rialachán (AE) 2023/1114 a áirithiú, ina leagfar amach i dtéarmaí ginearálta conas a oibreoidh siad i gcomhar le chéile agus a mhalartóidh siad faisnéis le chéile i bhfeidhmiú a gcúraimí maoirseachta faoi dhlí an Aontais i ndáil le heintitis roghnaithe agus neamhroghnaithe faoi oibleagáid. I gcás ina measann sé gur gá sin, féadfaidh an tÚdarás meabhrán tuisceana a thabhairt i gcrích freisin le haon cheann de na húdaráis nó na comhlachtaí eile dá dtagraítear i mír 1 ina leagfar amach i dtéarmaí ginearálta conas a oibreoidh siad i gcomhar le chéile agus a mhalartóidh siad faisnéis le chéile i bhfeidhmiú a gcúraimí maoirseachta faoi dhlí an Aontais i ndáil le heintitis roghnaithe agus neamhroghnaithe faoi oibleagáid.
|
|
Airteagal 92 3.
|
Faoin 27 Meitheamh 2025, tabharfaidh an tÚdarás agus BCE meabhrán tuisceana i gcrích ina leagfar amach na módúlachtaí praiticiúla don chomhar agus do mhalartú faisnéise i bhfeidhmiú a gcúraimí faoi seach faoi dhlí an Aontais.
|
|
Airteagal 92 4.
|
Áiritheoidh an tÚdarás comhar agus malartú faisnéise éifeachtach idir na húdaráis mhaoirseachta uile sa chóras maoirseachta AML/CFT agus na húdaráis agus na comhlachtaí ábhartha dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear maidir le rochtain ar aon fhaisnéis agus sonraí i mbunachar sonraí lárnach AML/CFT dá dtagraítear in Airteagal 11.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|