+Airteagal 92a
---+Airteagal 92a 1.
---+Airteagal 92a 2.
---+Airteagal 92a 3.
---+Airteagal 92a 4.
---+Airteagal 92a 5.
---+Airteagal 92a 6.
---+Airteagal 92a 7.
---+Airteagal 92a 8.
---+Airteagal 92a 9.
---+Airteagal 92a 10.
---+Airteagal 92a 11.
---+Airteagal 92a 12.

Airteagal 92a

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 92a 1.
Comhroinnfidh an tÚdarás, ar bhonn tráthrialta nó ar bhonn cás ar chás, faisnéis a fuair sé ó eintitis faoi oibleagáid nó ó údaráis eile agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige, agus a eascraíonn as cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme dhlí an Aontais, leis na húdaráis eile arna iarraidh sin, ar choinníoll go bhfuil an t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil ó eintitis faoi oibleagáid nó ó údaráis eile de bhun dhlí an Aontais.
Airteagal 92a 2.
Iarrfaidh an tÚdarás faisnéis ó aon cheann de na húdaráis eile a fuair an fhaisnéis sin, seachas í a iarraidh go díreach ó eintitis faoi oibleagáid, ar choinníoll go bhfuil an tÚdarás i dteideal an fhaisnéis sin a fháil de bhun dhlí an Aontais.

Beidh an chéad fhomhír den mhír seo gan dochar do chumhachtaí an Údaráis an fhaisnéis a iarrtar a fháil ó eintitis faoi oibleagáid i gcás nach bhfuil an t-údarás eile in ann an fhaisnéis a chomhroinnt, i gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach nó i gcás inar gá faisnéis a fháil go díreach ó eintitis faoi oibleagáid chun cúraimí an Údaráis a chomhlíonadh de bhun dhlí an Aontais.

Airteagal 92a 3.
Léireofar in aon iarraidh ar mhalartú faisnéise de bhun mhír 1 den Airteagal seo an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena dtugtar teideal don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó eintitis faoi oibleagáid nó ó údaráis eile.

Beidh an t-údarás iarrthach agus an tÚdarás faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 88 agus 98 agus i reachtaíocht earnálach a bhfuil feidhm acu maidir le faisnéis a chomhroinnt idir an t-eintiteas faoi oibleagáid agus an t-údarás iarrthach, agus idir an t-eintiteas faoi oibleagáid agus an tÚdarás.

Airteagal 92a 4.
I gcás ina malartaíonn an tÚdarás faisnéis de bhun mhír 1, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gach údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis nó gach eintiteas faoi oibleagáid má fuarthas an fhaisnéis go díreach ó eintitis faoi oibleagáid, a chur ar an eolas faoin malartú. I gcás malartuithe athfhillteacha nó tréimhsiúla faisnéise, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Údarás an t-eintiteas faoi oibleagáid nó an t-údarás óna bhfuair sé an fhaisnéis a chur ar an eolas ach aon uair amháin.
Airteagal 92a 5.

De mhaolú ar mhír 4, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an Údarás an t-údarás ná an t-eintiteas faoi oibleagáid, de réir mar is infheidhme, a chur ar an eolas faoin malartú faisnéise i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

rinneadh an fhaisnéis a anaithnidiú ar bhealach nach mbaineann sí a thuilleadh le haon duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta agus nach bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid ná na heintitis dhlítheanacha eile in-sainaitheanta a thuilleadh; nó

(b) 

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh rialaithe eile maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála, a chosaint agus chun sonraí pearsanta a chosaint trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 92a 6.
De mhaolú ar mhír 4, ní chuirfidh an tÚdarás an t-eintiteas faoi oibleagáid ar an eolas faoin malartú faisnéise má chinneann sé, nó má chuireann an t-údarás iarrthach ar an eolas é, go bhféadfaí imeachtaí, gníomhaíochtaí nó imscrúduithe maoirseachta nó réitigh atá ar siúl a chur i mbaol dá ndéanfaí amhlaidh.
Airteagal 92a 7.
Beidh feidhm ag míreanna 1 go 6 freisin maidir le faisnéis a fuair an tÚdarás ó eintiteas faoi oibleagáid nó ó na húdaráis eile agus a ndearna an tÚdarás seiceálacha cáilíochta uirthi ina dhiaidh sin nó a ndearna an tÚdarás próiseáil uirthi ar bhealach eile.
Airteagal 92a 8.
Chun malartuithe faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 7 a éascú, féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana a dhéanamh maidir leis na socruithe do mhalartuithe den sórt sin. Féadfar socruithe a shonrú freisin leis na meabhráin tuisceana maidir le comhroinnt acmhainní chun an fhaisnéis chomhroinnte sin a bhailiú agus a phróiseáil. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás agus leis na húdaráis eile, treoirlínte a fhorbairt maidir le príomhghnéithe na meabhrán tuisceana sin.
Airteagal 92a 9.
Beidh míreanna 1 go 8 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir an Bord agus na húdaráis eile i gcomhréir le forálacha eile an Rialacháin seo nó le reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

I gcás ina mbeidh coimhlint idir an tAirteagal seo agus forálacha eile an Rialacháin seo nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir an tÚdarás agus na húdaráis eile, beidh feidhm ag na forálacha eile sin.

Airteagal 92a 10.

Féadfaidh an tÚdarás agus na maoirseoirí airgeadais, dá rogha féin, rochtain a dheonú ar fhaisnéis a fuarthas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag eintitis faoi oibleagáid, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh an tÚdarás nó na maoirseoirí airgeadais a dheonaíonn an rochtain gur comhlíonadh na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

rinneadh na bearta is gá chun an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach bhféadfaí eintitis aonair faoi oibleagáid, ábhair sonraí, ná, i gcás inarb é an tÚdarás a dheonaíonn rochtain ar an bhfaisnéis, Ballstáit aonair a shainaithint;

(b) 

rinneadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla, a chosaint;

Ní dhéanfar faisnéis a fuarthas ó aon údarás a chomhroinnt de bhun na chéad fhomhíre ach amháin le toiliú an údaráis a fuair an fhaisnéis sin ar dtús.

Airteagal 92a 11.
Faoin 11 Samhain 2027, tuairisceoidh an tÚdarás don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis na maoirseoirí airgeadais, maidir leis na bacainní dlíthiúla uile sa reachtaíocht earnálach lena gcuirtear cosc orthu, ar bhealach ar bith, faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó neamhábhartha ar bhealach eile. Féadfar a áireamh ann freisin moltaí chun feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir ceanglais tuairiscithe le haghaidh eintitis airgeadais agus neamhairgeadais. Déanfar an tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, i gcás inar gá.

Agus an tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cosaint ceart maoine intleachtúla, agus na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí á gcur san áireamh aige, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na bacainní dlí sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile a chothú.

Airteagal 92a 12.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “údaráis eile” aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

(a) 

an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach ( 20 );

(b) 

an tÚdarás Baincéireachta Eorpach;

(c) 

an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde;

(d) 

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(e) 

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

(f) 

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

(g) 

údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

(h) 

na húdaráis atá sa sásra aonair maoirseachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(i) 

an Bord Réitigh Aonair, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 );

(j) 

údaráis réitigh, amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2014/59/AE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.