+Airteagal 103

Airteagal 103

Airteagal 103

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 mar a leanas:

(1) 

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a) 

i mír 2, scriostar an dara fomhír;

(b) 

i mír 5, scriostar pointe (h);

(2) 

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a) 

scriostar pointe (1a);

(b) 

i bpointe 2, scriostar pointe (iii);

(3) 

in Airteagal 8(1), scriostar pointe (l);

(4) 

scriostar Airteagail 9a agus 9b;

(5) 

in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.  
Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE, más rud é nach gcomhlíonann údarás inniúil an tuairim fhoirmiúil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo laistigh den tréimhse ama a shonraítear sa tuairim sin, agus i gcás inar gá an neamhchomhlíonadh sin a leigheas ar shlí thráthúil chun coinníollacha neodracha iomaíochta sa mhargadh a choimeád nó a aischur nó chun feidhmiú ordúil agus sláine an chórais airgeadais a áirithiú, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil ceanglais ábhartha na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo infheidhme go díreach maidir le hinstitiúidí airgeadais, cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais á cheangal go ndéanfaidh an institiúid gach gníomhaíocht is gá chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas.

Beidh cinneadh an Údaráis ar comhréir leis an tuairim fhoirmiúil arna heisiúint ag an gCoimisiún de bhun mhír 4.’

;

(6) 

in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.  
Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE, i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil cinneadh an Údaráis agus, ar an dóigh sin, go mainníonn sé a áirithiú go gcomhlíonann institiúid airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir léi, de bhua na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás cinneadh ar leithligh a ghlacadh a bheidh dírithe ar an institiúid airgeadais sin á cheangal go ndéanfar gach gníomhaíocht is gá chun a cuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas.’

;

(7) 

in Airteagal 33(1), scriostar an dara fomhír;

(8) 

in Airteagal 40(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Féadfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh a dhéanamh breathnadóirí a ligean isteach. Go háirithe, tabharfaidh an Bord Maoirseoirí cead isteach d’ionadaí ón Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ) i gcás ina ndéanfar ábhair a thagann faoina shainordú a phlé nó a chinneadh.

(9) 

in Airteagal 81, scriostar mír 2b.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.