|
+Airteagal 107 |
Airteagal 107Airteagal 107 Tús a chur le gníomhaíochtaí an Údaráis Beidh an Coimisiún freagrach as bunú agus as oibriú tosaigh an Údaráis go dtí an 31 Nollaig 2025. Chun na críche sin:
(a)
féadfaidh an Coimisiún oifigeach ón gCoimisiún a ainmniú le gníomhú mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach agus na dualgais a shanntar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmiú go dtí go mbeidh an acmhainneacht ag an Údarás a bhuiséad féin a chur chun feidhme agus go dtí go rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun dualgas tar éis don Bhord Feidhmiúcháin é nó í a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 70;
(b)
de mhaolú ar Airteagal 62(1), go dtí go gceapfar Cathaoirleach an Údaráis, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach cruinnithe an Bhoird Ghinearálta a chomóradh agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu, ach ní bheidh ceart vótála aige nó aici;
(c)
de mhaolú ar Airteagal 64(4), pointe (g), go dtí go nglacfar cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 70, feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach cumhachtaí an údaráis ceapacháin;
(d)
féadfaidh an Coimisiún cúnamh a thairiscint don Údarás, go háirithe trí oifigigh ón gCoimisiún a thabhairt ar iasacht chun gníomhaíochtaí an Údaráis a chur i gcrích faoi fhreagracht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin eatramhaigh nó an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;
(e)
féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach na híocaíochtaí uile a chumhdófar le leithreasuithe a iontráladh i mbuiséad an Údaráis a údarú agus féadfaidh an duine sin conarthaí a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí foirne, tar éis plean bunaíochta an Údaráis a ghlacadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|