3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar sonraíochtaí teicniúla a chomhlíonann ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; agus
|
|
(b)
|
inarb amhlaidh:
|
(i)
|
a d’iarr an Coimisiún ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú agus atá moill mhíchuí ar an nós imeachta um chaighdeánú nó nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh; nó
|
|
(ii)
|
gur féidir leis an gCoimisiún a léiriú go n-urramaíonn sonraíocht theicniúil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ach amháin an ceanglas gur faoi eagraíocht neamhbhrabúsach a bhí sé na sonraíochtaí teicniúla a fhorbairt.
|
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).